Corrán lín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda caol bliantúil, 7-40 cm ar airde. Na duilleoga an-chaol méith i gcrobhaingí. Na bláthanna 4-7 mm ar leithead, bán le 5 pheiteal. Na síolta 1.2-1.5 mm ar leithead, dubh. Fiaile iltíreach, ach ba bharrphlanda é (ar son a shíolta) ón aimsir réamh-Rómhánach go dtí an Mheánaois, agus úsáidtear fós é uaireanta mar fhoráiste.