Columbán
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba mhisinéir Éireannach é Naomh Columbán (540 – 23 Samhain 615; Laidin: Columbanus Bobiensis) a bhain clú agus cáil amach, ní hamháin dó féin ach do na nósanna Gaelacha a rug sé leis.
Bhunaigh sé roinnt mainistreacha ar mhór-roinn na hEorpa, ó thart an bhliain 590 ar aghaidh, i ríochtaí na bhFranc agus na Lombairde, ach go háirithe Luxeuil (sa Fhrainc an lae inniu) agus Bobbio (san Iodáil), agus seasann sé mar eiseamláir de ghníomhaíocht na misinéirí Éireannacha san Eoraip le linn an Mheánaois-Luath.
Tá Columbán Naofa ina naomh-phatrún ar an Aontas Eorpach.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.