Clóbhis I

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Clóbhis I
Rí na bhFranc
Bateme de Clovis par St Remy-edit.jpg
Réimeas 481509 (Rí na bhFranc Sailíneach
509511 (Rí na bhFranc)
Dáta breithe c. 466
Dáta báis 27 Samhain, 511
Réamhtheachtaí Childéric I
Comharba Chlothar I (Soissons)
Childebert I (Paris)
Rítheaghlach Meirvínseach

B'é Clóbhis I (t.46627 Samhain 511) céad Rí na bhFranc agus is é a d'aontaigh na treibheanna Francacha go léir le chéile faoi cheannaire amháin. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athar Childeric I, sa bhliain 481 mar Rí na bhFranc Saileach, ceann de na treibheanna a mhair ar ghabháltas taobh thiar den Réine Íochtaraí. B'iad Tournai agus Cambrai lárionaid na Sailíní i gceantar Toxandria, atá anois ar teorann na Fraince agus na Beilge. Chloígh Clóbhis na treibheanna Francacha máguaird agus bhunaigh sé é féin mar rí aonair orthu roimh a bhás.

Croineolaíocht[athraigh | edit source]

Tá cróineolaíocht réimis Chlóbhis neamhchruinn nó in easnamh. Tá bunús ár n-eolais ag brath ar an méid a scríobhadh sa dara leabhair Staire (Histoire, Livre II) le Gregoire de Tours, ina ndéantar tagairt de na heachtraí seo a leanas:

  • cogadh in aghaidh Syagrius tar éis don rí Clóbhis bheith i réim ar feadh cúig bliana,
  • cogadh in aghaidh na nAlamanni tar éis dó bheith i réim ar feadh cúig bliana déag, agus
  • cogadh in aghaidh na Viseagotach cúig bliana roimh a bhás;

Bhí Clóbhis cúig bliana déag nuair a ainmníodh é mar "Rí na bhFranc", réimeas a lean ar feadh tríocha bliain. Is dócha go bhfuil bunús na fírinne sna cuntais seo « à peu de choses près ». Tugann foinsí eile le fios gur sa bhliain 511 a fuair Clóbhis bás, mar sin b'fhéidir gur sa bhliain 481 (circa) a ghlac Clóbhis post an rialtóra .

Seo a leanas an Chróineolaíocht:

na Réine

  • 484: Comhghuaillíocht le Francaigh na Réine agus le Francaigh Chambrai. (B'é Ragnacaire, rí na bhFranc i gCambrai, agus b'fhéidir ceann de tuismitheoirí Chlóbhis.)
  • 485: Phós sé banphrionsa Réineach, iníon Chloderic prionsa Köln agus bhí mac acu lena chéile, Theuderich. Is minic an pósadh seo léirmhínithe mar seift chun buntáiste beartaíochta a thabhairt don rí, bheadh suíochán aige lena comharsana san oirthear agus bheadh sé in ann a aird a dhíriú ar an deisceart.

Bhí an t-aontas seo le bhean chéile 'den dara ghrád', ábalta síocháin a chinntiú (Gearmáinis: friedelehen), idir Ríocht na bhFranc Réineach agus Ríocht na bhFranc Sailíneach. Is minic a léirmhíníodh na staraithe Críostaí an pósadh go mícheart, gur leannán leapa agus ní bean chéile a bhí sa phósadh. Ach tharla seo de réir míthuiscint na staraithe ar nósanna na nGearmánach agus ar chomhdhéanamh polagamach na dteaghlach Gearmánach, gan phósadh.