Childebert I
| Childebert I | |
|---|---|
| Rí na bhFranc, Pháras agus Orléans | |
| Portráid samhailteach de Childebert I ar bhonn cré-umha ón bhliain 1720 | |
| Réimeas | 511 - Nollaig 558 |
| Dáta breithe | t.467 |
| Dáta báis | 13 Nollaig 558 |
| Réamhtheachtaí | Clóbhis I |
| Comharba | Clotaire I (Soissons) |
| Rítheaghlach | Meirvínseach |
B'é Childebert I, Rí Pháras ó 511 go dtí 558 agus Rí Orléans ó 524 go dtí 558. B'é an ceathrú mac Chlóbhis I é, agus an tríú as ceithre pháistí a bhí ag an Rí Clóbhis le Chlotilde a bhean chéile.
Tar éis bás a athair, roinneadh an ríocht idir na deartháireacha . Fuair Childebert 1 an baile Páras, an dúiche taobh ó thuaidh chomh fada leis an Somme, san iarthar siar chuig na Mhuir nIocht, agus leithinis Armorica nó an Bhriotáin. Chuaigh a deartháireacha i gceannas i bpáirteanna eile den ríocht: Theuderich (Fraincis: Thierry I) i Metz, Clodomir in Orléans, agus Clotaire I in Soissons.
Sa bhliain 523, ghlac Childebert páirt i gcogaidh i gcoinne Godomar, mac Rí na Burgúine. Maraíodh Chlodomer i gcath Vézeronce. Sa bhliain 524, tar éis gur dhúnmharaíodh páistí Chlodomer, ghabh Childebert na cathracha Chartres agus Orléans.
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |