Theuderich I
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Theuderich 1 | |
|---|---|
| Rí na bhFranc d'Austrasia. | |
| Portráid samhailteach de Theuderich 1, ar bhonn cré-umha ón bhliain 1720 | |
| Réimeas | 511 - 533 nó 534 |
| Dáta breithe | circa 490 |
| Dáta báis | 534 |
| Réamhtheachtaí | Clóbhis I |
| Comharba | Théodebert I |
| Rítheaghlach | Meirvínseach |
B'é Theuderich (nó Thierry Ier i bhFraincis) an mac ba shine a bhí ag an Rí Clóbhis I, Rí na bhFranc. Rugadh é idir na blianta 485 go 490 agus fuair sé bas sa bhliain 534. Níl eolas ar bith againn maidir ó thaobh a mháthair de. Fuair sé Metz sa bhliain 511 mar oidhreacht tar éis bás a athair. De réir nós na Sailíneach, roinneadh an Ríocht idir na ceithre mic a bhí fágtha agus dá réir sin, fuair na mic eile: Clodomir in Orléans, Childebert i bPáras, Clotaire i Soissons.
Go luath ina réimeas, chuir sé a mhac Théodebert chun troid in aghaidh an Rí Lochlannach Chlochilaich (nó Hygelac de réir Beowulf).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.