Charles Baudelaire
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Francach ab ea Pierre Charles Baudelaire, file, léirmheastóir, agus aistritheoir (9 Aibreán, 1821 - 31 Lúnasa, 1867). Ba dhuine conspóideach é sa 19 haois, agus a shloinne 'Baudelaire' ina leathfhocal do mheathlúchán ealaíonta agus liteartha. Ag an am céanna, bhíodh a oibreacha, go háirithe a leabhar filíochta Les fleurs du mal (Bláthanna an oilc) admhaithe mar chlasaic de litríocht na Fraince.
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Baudelaire i bPáras, an Fhrainc sa bhliain 1821. Bhí a athair, François Baudelaire, ina státseirbhíseach sinsearach agus ina ealaíontóir amaitéarach, agus bhí sé tríocha ceathair bliana níos sine ná Caroline, máthair Bhaudelaire. Fuair François bás le linn óige Bhaudelaire, sa bhliain 1827. An bhliain dár gcionn, phós Caroline an leifteanantchoirnéal Jacques Aupick, a bhí níos déanaí ina ambasadóir Fraince do chúirteanna na móruaisle éagsúla.
Bhí caidreamh Bhaudelaire leis a mháthair gar agus casta, agus ghabh sé ceannas ar a shaol. Dúirt sé níos déanaí; "ghráigh mé mo mháthair de bharr a gléastacht. Dandy seanchríonna a bhí ionam" - agus i litir cuichí , " Bhí grá paiseanta agam duit i'm óige, ar feadh tréimhse." Cé gur údar imní d' Aupick, a bhí ina smachtaí docht, tógáil agus todhchaí Bhaudelaire, roimh i bhfad, bhí sé in achrann le meon ealaíne a leasmhac.
Fuair Baudelaire a chuid oideachais i Lyon, áit ar cuireadh iallach air dul go scoil chónaithe ar shiúl óna mháthair (fiú le linn na laethanta saoire) agus glacadh le modhanna diana a leasathair, ina measc gan ligean dó dul ar chuairteanna baile nuair a sleamhnaigh a ghráid. Scríobh sé nuair a athchuimhnigh sé na laethanta sin: "Bheith ar crith ag na bliana ghruama faoi ghlas [...] neamhshócúlacht na óige ainnise tréigthe, fuath na gcomhaltaí scoile ceannasacha, agus uaigneas an chroí." Nuair a bhí Baudelaire ceithre bliana déag d'aois, bhí seo le rá ag ceann amháin dá pháirtí ranga : "Bhí sé i bhfad níos deismíní agus níos dearscnaithí ná aon cheann dár ndaltaí eile [...] táimid ceangailte le chéile [...] ag comhtoighsí agus comhbhrón, an grá seanórtha ar mhínoibreacha na litríochta". Níos déanaí, d'fhreastail sé ar an Lycée Louis-le-Grand i bPáras. Bhí iompraíocht mhearbhlach ag Baudelaire ina chuid staidéar, ag amanna dícheallach, ag amanna eile tugtha don díomhaointeas.