Óivid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Publius Ovidius Naso
Monument to Ovid (Sulmona) by-RaBoe 01.jpg
dealbh i Sulmona
Dáta breithe 20 Márta, 43 RC
  Sulmo, Res Publica Romana
Dáta báis 1718 AD
  Tomis, Scythia Minor
Ainm cleite Ovid, Ovidius
Gairm File

File Rómhánach ab ea Publius Ovidius Naso (20 Márta, 43 RC – AD 17), ar a dtugtar Óivid (nó Oivid) as Gaeilge. Scríobh sé ar an ghrá, ar mná tréigthe, agus ar claochluithe miotasacha.

Saol[athraigh | edit source]

Níl aon eolas againn faoi saol Óivid ach amháin na sonraí a d'fhág sé é féin ina chuid scríbhinní. Rugadh ag Sulmo (inniu Sulmona) é do chlann marcach. Bhí oideachas den scoth aige sa Róimh agus san Ataen, agus rinne sé staidéar ar an reitric. Ach, d'ainneoin a raibh á theastail ó a athair, b'fearr le hÓivid bheith ina fhile ná dul isteach sa saol poiblí. Bhí dhá mhion-dhualgais aige sa stát, ach ansin d'éirigh sé as iad, agus chaith sé bunús a chuid ama go léir don fhilíocht agus don spraoi.

Chuir Ágastas an ruaig ar Óivid in AD 8 chuig Tomi ar an Mhuir Dhubh, ach ní fios fós cén fáth go rinne sé é sin (scríobh Óivid e féin gur error agus carmen – botún agus dán – ba chúis leis. B'fhéidir go raibh sé mór le gaol de chuid Ágastas tamall, agus b'fhéidir gurb é Ars Amatoria an carmen a bhí i gceist aige, saothar a bhí in ainm agus a bheith mímhorálta agus a raibh fáil air ar feadh tamaill.) Dearbhaíonn Óivid é féin go raibh sé neamh-chiontach, agus go ruaigíodh é de bharr gur chonaic sé daoine eile ag briseadh an dlí - b'fhéidir go raibh sé ar a eolas go raibh caidreamh idir Julia agus Silanus, nó go raibh eolas polaitiochta aige, ach ní féidir bheith cinnte sa lá atá inniu ann. D'fhulaing Óivid go mór mar gheall ar an ruaig sin, gan a chairde, faoi dhrochsláinte agus ag comhrac in aghaidh na mbarbarach, ach d'fhoghlaim sé teanga an cheantair agus scríobh sé roinnt dánta sa teanga sin.

Stíl litríochta[athraigh | edit source]

Scríobh Óivid a chuid saothair i leathrainn caointeacha, ach amháin an saothar mór Metamorphoses, a scríobh sé i heicsiméadar dachtaileach ar mhúnla na Aeniad Veirgile agus eipicí Hóiméir. Ní scéal eipiceach ar nós a réamhtheachtaithe a chuireann Óivid in iúl, ach cuntas an chosmais de réir dátaí, ón chruthú chuig a linn féin. Cuireann sé go leor miotais agus seanscéalta san áireamh as na traidisiúin Gréagach agus Rómhánach.

Saothair[athraigh | edit source]

  • (10 RC) Amores ('Na Gránna'), 5 leabhar ar dtús, a scríobhadh i ndiaidh 20 RC (athbhreithnithe bheith 3 leabhair timpeall AD 1). Scríobh Óivid beagnach gach aon dán grá sa saothar seo do bhean amháin anaithnid, darbh ainm Corinna.
  • (5 RC) Heroides ('Na Banhéaróis') nó Epistulae Heroidum ('Litreacha na mBanhéarós'), 21 litreacha. Scríobhadh an chéad grúpa (na litreacha 1–15), a bhaineann le banhéaróis ag scríobh dá chuid leannán, timpeall 15 RC. Scríobhadh na litreacha 16–21, atá ina bpéirí (m.sh. Páras go Héilin agus Héilin go Páras) timpeall AD 4-8. Ba nuálaí Óivid don saghas filíochta litreacha seo, agus taispeántar an traenáil reitrice a raibh aige.
  • (5 RC) Remedium Amoris ('An Leigheas don Grá'). Leabhar amháin. Treoir le titim as grá le duine.
  • (5 RC) Medicamina Faciei Femineae ('Cosmaidí Aghaidhe na Ban'). Dán faoi cosmaidí. Ni mhaireann ach 100 líne.
  • (2 RC) Ars Amatoria ('Ealaín an Grá'), 3 leabhar. Dán teagasach faoi ealaín an Grá. Scríobhadh an chéad bheirt timpeall 1 RC go AD 1, agus an tríú ceann beagán ina dhiaidh.
  • (AD 8) Metamorphoses ('Claochluithe'), 15 leabhar. Téamaí miotais, a scríobhadh i heicsiméadair, faoi daoine daonna ar a chuirtear athruithe crutha. Mar shampla, tá: Meidiúsa, Oirféas agus Eoiridicé, agus Peirséas agus Atlás.
  • (9) Ibis, dán amháin, i ndiaidh AD 8. Déanann Óivid ionsaí ar namhaid anaithnid.
  • (10) Tristia ('Sorrows'). 5 leabhar i leathranna caointeacha, i ndiaidh AD 8. Litreacha ata ann chuig Ágastas, an bhean chéile Óivid agus cairde eile. Impíonn sé ar Ágastas chun cead a thabhairt dó teacht ar ais.
  • (10) Epistulae ex Ponto ('Litreacha ón Mhuir Dhubh'). 4 leabhair, i ndiaidh AD 8. Litreacha chuig cairde ainmnithe.
  • (12) Fasti ('Féilte'). 6 leabhar i leathranna caointeacha, a thrachtann leis an chéad 6 míonna den bliain agus a chuireann eolas sainiúil ar fáil faoin bhféilire Rómhánach. Is dócha nár chríochnaíodh an dara 6 leabhar riamh. Meascán de stair, reiligiún, astrálaíocht agus cur síos ar nósanna atá ann.


Cuirtear na dánta seo síos do Óivid, ach meastar go leathan nach rinne sé iad:

  • Nux ('Crann Gallchnó')
  • Consolatio ad Liviam ('Sólás do Livia')
  • Medea, traigéide caillte faoi Mhedea. Bhí clú leis an saothar seo sa seansaol, de réir dealraimh.
  • Haleutica ('Faoin Iascaireacht'). Is dócha nach mhair an saothar seo chuig an lae atá inniú (féach thíos).
  • dán sa Gheitis, teanga a labhraíodh sa tír ina theith Óivid. Ní mhaireann an dán (b'fhéidir go bhfuil sé breagach).
  • Haleutica ('Faoin Iascaireacht'), dán a chuireann roinnt daoine síos don dán den ainm chéanna a rinne Óivid. Ní mhaireann ach 132 líne i gcodanna. (Bhí clú ar an Mhuir Dhubh mar bhráite iascaireachta.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

  • Latin Library: Óivid - Amores, Ars Amatoria, Epistulae ex Ponto, Fasti, Heroides, Ibis, Metamorphoses, Remedia Amoris, Tristia.
  • Gutenberg Project: Fasti - Tá reamhrá agus nótaí as Béarla le Thomas Keightley ann chomh maith. Leagan gnáth-théacs.