Cartlann Scannán agus Raidió Oileáin Dhún na nGall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCartlann Scannán agus Raidió Oileáin Dhún na nGall
Sonraí
Cineálcartlann Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Cuid deMúsaem Chontae Dhún na nGall Cuir in eagar ar Wikidata

Bhunaigh Féile Ealaíona an Earagail Cartlann Scannán agus Raidió Oileáin Dhún na nGall sa bhliain 2011 le maoiniú ó Chomhar na nOileán, Comhairle Contae Dhún na nGall agus na heagraíochtaí pobail a dhéanann ionadaíocht ar na hoileáin amach ó chósta Dhún na nGall.[1] Is ábhar teilifíse, físeáin agus raidió a bhaineann leis na hoileáin amach ó chósta Dhún na nGall ó na 1950ídí atá sa chartlann. Tá an chartlann dhigiteach seo ar fáil don phobal saor in aisce in Árainn Mhór, ar Oileán Thoraigh, i Leabharlann Ghaoth Dobhair agus i Músaem Contae Dhún na nGall. Insítear stair chultúrtha, shóisialta agus eacnamaíochta Oileáin Dhún na nGall den chéad uair. Tríd an ábhar atá sa chnuasach seo is féidir éisteacht le saothair Bhéaloidis Shéamuis Ennis agus Sheáin Uí hEochaidh a ndearnadh taifeadadh orthu sna 50ídí. Tugtar léargas ar na cinntí deacra a bhí ar na hoileánaigh a dhéanamh sna 1960ídí agus a n-oileáin á bhfágáil ina ndiaidh acu agus iad ag athlonnú ar an mórthír. Feictear chomh gar is a chuaigh Toraigh don bhánú iomlán sna 70ídí; na feachtais a tharla chun seirbhísí bunúsacha uisce, iompair, calafoirt agus oideachais a bhaint amach ar Thoraigh agus ar Árainn Mhór sna 1980ídí; an ghluaiseacht chun athdhaonrú a dhéanamh ar na hoileáin bheaga sna 1990idí agus na seirbhísí a baineadh amach sa mhílaois nua a chabhraigh le buanú phobail na n-oileán. Bhí plean ann freisin maidir le céim 2 ina mbeadh tuilleadh ábhar á chur isteach sa chartlann, ar nós griangraf agus ailt chlóite, chomh maith le ríomhairí a bheith in úsáid chun an t-eolas a chur ar fáil do thurasóirí. Tá ábhar ó na hoileáin seo a leanas amach ó chósta Dhún na nGall ar áireamh sa chartlann: Toraigh, Árainn Mhóir, Inis Fraoigh, Inis Caorach, Inis Mhic an Doirn, Gabhla, Uaighe, Inis Meáin, Inis Oirthir, Inis Bó Finne agus Oileán Ruaidh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Do Theaghlach Conallach" 49. Dáta rochtana: 2024-03-20.