Inis Bó Finne (Contae Dhún na nGall)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Inis Bó Finne suite i nGaeltacht Thír Chonaill, dhá chiliméadar go leith amach ó chósta Chontae Dhún na nGall, idir Toraigh agus Machaire Rabhartaigh. Níl ach 300 acra (120 heictéar) ann. Treigeadh Inis Bó Finne den chéad uair sna seachtóidí, do mhíonna an gheimhridh amháin, agus théadh daoine ar ais chun an oileáin san earrach. Tá cónaí ar thuairim is 36 duine ann.[1]. Nil teach tábhairne nó siopa ar bith arnn. Téánn báid isteach agus amach, ach níl seirbhís fharrantóireachta rialta ann.

Tá oileáin eile ann a bhfuil an t-ainm céanna orthu, mar shampla, ceann amháin acu gar do chósta na Gaillimhe atá i bhfad níos mó.

Ainm[athraigh | edit source]

De réir na seanscéalta, chonacthas bó fhionn nuair a nochtadh Inis Bó Finne Thír Chonaill den chéad uair. Dar leis na saineolaithe, tá baint idir an bhó fhionn seo agus Boand, an bandia a thug a hainm d'abhhainn na Bóinne. Bhí sí pósta le dia uisce, Neachtán, a bhfuil baint aige le Neptunus na Rómhanach. Is iomaí scéal faoi na ba atá le fáil i mbéaloideas an cheantair. Mar shampla, tá scéalta i seanchas Ghaeltacht Thír Chonaill a bhaineann le bó darbh ainm an Chrúbach agus leis an nGlas Gaibhleann.

Stair[athraigh | edit source]

Ní léir cathain a chuir daoine fúthu in Inis Bó Finne den chéad uair, ach is cinnte go raibh daoine ina gcónaí i dToraigh agus in Inis Dhubhthaigh (idir Machaire Rabhartaigh agus Inis Bó Finne) le linn Luathré na Críostaíochta. Is dócha gur chuir manaigh fúthu in Inis Bó Finne chomh maith, nó ar a laghad gur úsáid siad an talamh le barra a shaothrú no le hainmhithe a chothú.

Sa bhliain 1901, de réir an daonáirimh, bhí 149 duine ina gcónaí in Inis Bó Finnne agus seachas cúpla duine ón mhórthír, ní raibh ach sé cinn de shloinnte ann: Mac Colla, Mac Fhionnlaoich, Ó Fearaigh, Mac Aoidh, Ó Briain agus Mac Phaidín. Bhí Gaeilge ag gach duine acu agus bhí Béarla ag cuid mhaith díobh fosta. Bhí cónaí orthu sa sráidbhaile beag atá suite in oirdheisceart an oileáin. Sráidbhaile iascaireachta agus talmhaíochta a bhí ann. Tá na tithe ann fós, ach ó na seachtaidí níor chónaigh duine ar bith san oileán le linn an gheimhridh. Bíonn daoine ina gcónaí ann i rith an tsamhraidh, áfach, agus tá iarracht ag dul ar aghaidh daoine a lonnú ann go lán-aimseartha arís.

Cuairteoirí[athraigh | edit source]

Tugann go leor turasóirí cuairt ar Inis Bó Finne le taitneamh a bhaint as na haillte maorga, na tránna bána gainmheacha, uaimheanna Thóin na Maoille Móra agus na radhairc ar Thoraigh, ar an Eargail agus ar chósta Thír Chonaill. Bíonn siad ag tarraingt ar áirse nó stua nádúrtha ar a dtugtar Scoilt an Droichid fosta, agus ar an Charraig Bhán i lár an oileáin, a bhfuil baint aici le miotas na Bó Finne. Téann daoine eile chun an oileáin le fairtheoireacht éan a dhéanamh. Is iomaí saghas éin atá le feiceáil san oileán, an traonach agus an cadhan ina measc. Áit mhaith síolrúcháin don traonach is ea Inis Bó Finne. Ní bhíonn creachadóirí ag bagairt ar na traonaigh óga agus iad ar nead ar an talamh nó i ngeadán neantóg.

Foinsí[athraigh | edit source]

  1. The Islands Comhdháil Oileáin na hÉireann

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]