Caisleán Mhaigh Nuad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tosach an chaisleáin

Caisleán mór meánaoiseach ar tógadh sa 13ú haois is ea Caisleán Mhaigh Nuad. Tá fothracha an chaisleáin suite i lár bhaile Mhaigh Nuad. Bhí sé ina dhaingean ag an gcraobh de Mhuintir Mhic Gearailt a bhí lonnaithe i gCill Dara. Cuireadh codanna nua leis an gcaisleán ag amanna éagsúla agus baineann na foirgnimh is déanaí leis an 17ú haois. Bhí na Gearaltaigh ina Leas-Ríthe ar Éirinn ag Sasana le linn na meánaoiseanna agus chiallaigh sé sin go raibh Maigh Nuad mar lár-ionad cumhachta agus príomhchathair na tíre, nach mór, le linn na tréimhse sin. Is séadchomhartha náisiúnta é an caisleán anois agus tháinig na fothracha faoi choimirce an stáit sa bhliain 1991 agus tosaíodh ar obair athchóirithe a dhéanamh sa bhliain 2000.[1]

Tús an Chaisleáin[athraigh | edit source]

Sular tháinig na Normannaigh na hÉirinn, bhí ceantair Mhaigh Nuad mar chuid de ríocht Uí Fáeláin, áit a bhí faoi smacht na mBranach. Bhronn Anraí II Tiarnas Laighean ar Strongbow i 1172 agus bhronn sé siúd talamh i gCill Dara ar Mhuiris Mac Gearailt, a raibh Maigh Nuad mar chuid di. Bhí an Muiris céanna ina shinsear ag Gearaltaigh Chill Dara agus Iarlaí Dheasmhumhan. Dealraíonn sé gur thóg sé foirgneamh cosanta as adhmad ar dtús i 1176. Tógadh an chéad chaisleán cloiche ansin thart ar 1200.

Dul Chun Cinn na nGearaltach[athraigh | edit source]

Faoi dheireadh an 13ú haois, bhí muintir Mhic Gearailt ar na teaghlaigh Angla-Normannacha ba thábhachtaí in Éirinn. I mBealtaine 1316, rinne Éadbhard II Iarla ar Chill Dara de Sheán Mac Gearailt as "dea-sheirbhís" mar cheannaire an airm a chuir i gcoinne ionradh Éadbhaird Brús ar Chill Dara. Bhí caisleán Mhaigh Nuad ina chuid lárnach de chumhacht na nGearaltach an tráth sin agus dúradh ag an am gurbh é "ceann de na tithe Iarla is mó in Éirinn".

Cinsealacht na nGearaltach[athraigh | edit source]

Cuireadh tús le cinsealacht Ghearaltaigh Chill Dara nuair a rinneadh iarla de Ghearóid Mac Gearailt nó 'Gearóid Mór' sa bhliain 1478. Thuig rí Shasana na linne, Anraí VII, gurbh é an Gearaltach an t-aon tiarna a bhí in ann Éire a rialú agus a smachtú go héifeachtach ar a shon. Le linn réimeas Ghearóid, rinneadh feistiú agus cóiriú sóúil ar Chaisleán Mhaigh Nuad agus bhí leabharlann chuimsitheach ann, ina raibh leabhair as Laidin, Gaeilge, Béarla agus Fraincis. Ag tús an 16ú haois bhí Caisleán Mhaigh Nuad suite i lár mainéir mhóir de bhreis is 550 acra (220 heicteár) agus bhí sé ar cheann amháin den dá áit in Éirinn ina raibh páirc fianna an t-am sin.

Éirí Amach Thomáis an tSíoda[athraigh | edit source]

Bhí caidreamh achrannach ann idir Gearaltaigh Chill Dara agus coróin Shasana ó aimsir Ghearóid Mhóir i leith. Bhí an rialtas i Sasana thar a bheith amhrasach faoi dhílseacht na nGearaltach agus b'ábhar buartha dóibh a chumhachtaí is a bhí an teaghlach ag éirí in Éirinn. Gairmeadh mac Ghearóid Mhóir, Gearóid Óg, go Sasana arís agus arís eile chun a dhílseacht don choróin a dheimhniú agus cuireadh i bpríosún é go mion minic ansin. Gairmeadh go Sasana arís é i 1534 agus d'fhág sé Éire go drogallach agus a mhac Tomás (nó Tomás an tSíoda, mar ab fhearr aithne air) fágtha i gceannas ina dhiaidh aige. Cé nach bhfuil fianaise dhearfa ann ar an ábhar, meastar gurbh eol do Ghearóid Óg go n-éireodh a mhac amach tar éis dó imeacht go Sasana, rud a rinne sé ar 11 Meitheamh 1534, nuair a shéan sé údarás an rí agus dhiúltaigh dá pholasaithe ag cruinniú chomhairle an rí i Mainistir Mhuire i mBaile Átha Cliath. Ansin chuir sé caisleán Bhaile Átha Cliath faoi léigear ach theip air an daingean sin a ghabháil.

Ceapadh Sir William Skeffington mar Fhear Ionaid nua an Rí agus dhírigh sé ar éirí amach na nGearaltach a chur faoi chois. D'éirigh leis caisleán Mhaigh Nuad a thógáil go héasca, de bharr fealltóra ar an taobh istigh, de réir cuma. Cuireadh 25 fear a bhí ag cosaint an chaisleáin chun báis agus crochadh duine eile acu, gníomh ar tugadh Pardún Mhaigh Nuad air. Ghéill Tomás go luath ina dhiaidh sin agus cuireadh go Túr Londan é. I ndiaidh dhá bhliain i mbraighdeanas, cuireadh chun báis é in éineacht le cúigear dá uncailí. Géilleadh teidil, eastáit agus caisleáin na nGearaltach don choróin agus bhí deireadh le cinsealacht na nGearaltach agus níor bronnadh an Iarlacht ar éinne eile go dtí 1552, nuair a tugadh é mar oidhreacht do Ghearóid, an 11ú hIarla.

Athfhorbairt an Chaisleáin[athraigh | edit source]

Faoi thús an 17ú haois, bhí droch-chaoi ar an gcaisleán. Sa bhliain 1629, cheannaigh Iarla Chorcaí, Richard Boyle, caomhnóireacht Sheoirse Óig, 16ú hIarla Chill Dara, agus rinneadh sé athfhorbairt agus athmhúnlú suntasach ar an seanchaisleán. Rinne sé cleamhnas idir Seoirse Óg agus a iníon féin, Siobhán, tamall ina dhiaidh sin chomh maith. Tógadh an chuid is mó den chaisleán atá le feiceáil anois, le linn an ama sin.

Scrios agus Tréigean Deireanach an Chaisleáin[athraigh | edit source]

Bhí an caisleán féin i lár na troda go minic le linn Chogaí na Comhdhála agus bhí sé faoi smacht grúpaí éagsúla le linn an ama sin, go dtí gur ghabh fórsaí Caitliceacha faoi Eoghan Rua Ó Néill é agus scrios é. Ní raibh cónaí ar éinne ann tar éis bhás an 16ú hIarla i 1656 agus tháinig drochbhail air arís.

Thart ar 1707, rinne an 19ú hIarla fiosrú faoi athchóiriú a dhéanamh ar an gcaisleán, ach d'aimsigh go raibh fíor-dhrochbhail air agus nárbh fhiú é. Bhí sé mar thoradh air seo gur chinn sé ar a phríomh-áras cónaithe nua a thógáil ag Carton, siar ó Mhaigh Nuad agus bhí deireadh iomlán tagtha le cónaí na nGearaltach sa chaisleán.

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]