CLG Chontae Aontroma

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Contae Aontroma
Antrim crest.png
Béarla Antrim GAA
Cúige Cúige Uladh
Leasainm Saffrons/Glensmen
Dathanna Bán agus buí
Staid Páirc Mhic Asmaint, Béal Feirste
Spórt ceannasach Iomáint
Sraith Pheile Náisiúnta Sraith 3
Sraith Iomána Náisiúnta Sraith 2
Craobh Pheile Corn Mhic Uidhir
Craobh Iomána Corn Mhic Carthaigh
Peil na mBan Corn Bhreandáin Uí Mháirtín
Camógaíocht Corn Uí Dhubhthaigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Eagraíocht spóirt é Cumann Lúthchleas Gael Chontae Aontroim, atá i gceannas ar na cluichí Gaelacha a imrítear i gContae Aontroma, faoi cheannas Chumann Lúthchleas Gael.

Clár ábhair

[athraigh] Stair

Ba sa bhliain 1885 a bunaíodh Gaeil Bhéal Feirste (nó Ceannródaithe Bhéal Feirste mar ab’fhearr aithne orthu san am), an chéad chlub de chuid Chumann Lúthchleas Gael i gContae Aontroma. Is don Athair J. Ó Raghallaigh (arbh as Loch gCaol ó dhúchas dó) a théann an chreidiúint uile as bratach Mhicheál Uí Chíosóg a ardú sa chontae.

Go gairid ina dhiaidh sin tháinig ceithre chlub iomána eile ar an fhód, mar a bhí: Cláirsigh Bhéal Feirste, Lámha Dearga Lios na gCearrbhach, Club William Orr agus Raonairí Divis.

Díol spéise é, b’fhéidir, an mhír eolais a tháinig ón Ard-Chomhairle lena chur in iúl "go bhfuarthas £3 ó Aontroim mar tháillí ballraíochta don bhliain 1885."

I ndiaidh Scoilt Pharnell, d’imigh na cúig chlub in Aontroim in éag agus níor tugadh faoi Chumann Lúthchleas Gael a chur ar a bhonnaí arís sa chontae go dtí mí Dheireadh Fómhair 1898. Ba é Club Iomána na Craoibhe Rua, nuair a bunaíodh é, a chuir tús leis an ghluaiseacht. Chuir oifigigh an chlub ráiteas amach ag impí "ar fheara C.L.G. Aontroma agus Uladh an t-aighneas polaitiúil a bhí eatarthu a chur i leataobh agus seasamh le chéile arís eile de mheon na aontachta agus na cairdine faoi bhratach na sean-Ghael sa bhliain stairiúil seo, comóradh céad bliain 1798."

Le himeacht aimsire, tháinig clubanna C.L.G. eile ar an fhód agus nuair a bunaíodh An Bord Contae i 1900/01 d’fhéadfaí a rá, gan aon amhras, go raibh Athnuachan Ghaelach na hÉireann in Aontroim faoin lán seoil.

[athraigh] Imreoirí cáiliúla

[athraigh] Iomáint

[athraigh] Peil

[athraigh] Naisc sheachtracha

Dathanna Aontroma


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile