Cúigear Ros Dumhach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCúigear Ros Dumhach
Cineálagóid Cuir in eagar ar Wikidata


Ros Dumhach

Sa bhliain 2005, thug na meáin chumarsáide Cúigear Ros Dumhach ar scata fear ó Ghaeltacht Iorrais i gContae Mhaigh Eo a cuireadh i bpríosún Chnoc na Seimre i mBaile Átha Cliath. Bhí siad in aghaidh píopa Shell a thógáil i Ros Dumhach chun gás a thabhairt i dtír.[1] B'iad na fir sin ná James Brendan Philbin, na deartháireacha Philip agus Vincent McGrath, Willie Corduff agus Mícheál Ó Seighin.

Aighneas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghearr an Ard-Chúirt príosún orthu ar an 29 Meitheamh 2005. D'fhan siad i ngéibheann go dtí an 30 Meán Fómhair. Rinneadh léirsithe ar fud na hÉireann ag tacú leo. Ainmníodh Peter Cassells mar idirghleacaí sa chonspóid. Gás na Coiribe a thugtar ar thoradh an tobair seo.

Bhí daoine ann ag an am ag labhairt faoin gcáin íseal a ghearrtar ar leithéidí Shell de réir Achtanna 1987 agus 1992 agus iad i mbun taiscéalaíochta amach ó chósta na hÉireann ar thóir ola agus gáis.

Foilsíodh Our Story: the Rossport Five sa bhliain 2007. I Mí Aibreán 2007 bhuaigh Willie Corduff an Duais Chomhshaoil Goldman, in éineacht le $125,000, de bharr a ndearna sé, agus bhí cóisir ag National Geographic, iris dhúlra agus tíreolaíochta, le hurraim dó in Washington, D.C..

Iarscríbhinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2015, bronnadh ceadúnas ar Shell chun gás a thabhairt i dtír (ach le raon coinníollacha maidir lena úsáid).[2] Beidh Gort na Coiribe ídithe i gceann cúpla bliain.[3]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Non-Renewable Energy in Ireland". www.askaboutireland.ie. Dáta rochtana: 2022-09-01.
  2. Nuacht RTÉ (2015-10-09). "Ceadúnas bronnta ar Shell scaglann gáis a fheidhmiú" (as ga). 
  3. "Energy crisis: Corrib gas field operator tells Taoiseach Michéal Martin they can extract fuel for another decade" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-09-01.