Gás na Coiribe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Garda ag tachtadh[fíoras?] agóideoir, Béal an Átha Buí, Samhain 2006

Is gáscheantar é Gás na Coiribe a luíonn siar ó thuaidh de chósta na hÉireann, timpeall 80km ó Cheann Iorrais i gCo. Mhaigh Eo. Tugtar Tionscanamh Ghás Aiceanta na Coiribe ar an tionscnamh scaití. Meastar go dtéann stair an gháis siar 250 milliún bliain go dtí an t-am ar leag na haibhneacha síos an ghaineamh as a d'freascair an gás i riocht a chruthaithe.

Fuair comhlacht darb ainm Enterprise Oil ceadúnas taiscéalaithe don fharraige siar ó thuaidh d'Éirinn i 1993. Sa bhliain 1996 tháinig siad ar Mhaigh Gháis Aiceanta na Coiribe agus ina dhiaidh sin, fuair an comhlacht ilnáisiúnta Shell, Statoil agus Marathon Oil sealúchas ar Enterprise Oil sa bhliain 2002. Dúirt stiúrtheoir Statoil nach raibh tír ar bith eile a bhfuil chomh fial do na comhlachtaí gáis atá Poblacht na hÉireann, mar gheall ar na dlíthe a thabhhairt Ray Burke isteach sna 1980í, nuair a raibh sé Aire Fuinneamh san rialtas Fianna Fáil a bhí ann. Chuaigh Burke go priosún ar feadh sé mhí i 2005, agus beidh an Binse Breithimh Mahon ag fiosrú é mar gheall ar alt a bhí san Irish Times i 1997, go bhfuair sé breabanna ó Rennicks Teo.. Tá Rennicks ceangailte le Tony O'Reilly, fear a bhfuair alán ceadúnais taisceálaithe ón rialtais Fianna Fáil sna 1980í.

I 1997, bhí an chéad tobar meastacháin tochailte. Cinneadh go raibh toirt inchumasach agus inluachta inti i dtéarmaí trachtála agus cuireadh tús leis an bpróiséas le ceadaithe pleanála agus reachtúla a fháil.

Chinn Shell ar lárionad próiseála a thógáil ar an dtír, le nasc faoi ard-bhrú idir an gáscheantar is an scaglann. Chuaigh Cúigear Ros Dumhach chun príosúin ionas gur dhiúltaigh siad cead do Shell a gcuid talún a thrasnú leis an bpíbline seo. Cuireadh feachtas Shell chun Sáile ar bun chun tacú leis an fir, agus in aghaidh pleanaí Enterprise Oil. Tá alán fearg ag daoine ag na tearmaí an-fial a bhfuair na comhlachtaí, mar shampla, mar beidh siad abáilte na costaí taisceálaithe agus foirgneamh a dhíscríobh in aghaidh cáin, chaithfeadh an rialtas na costaí sin a íocadh.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]