Benoît Mandelbrot

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Benoît Mandelbrot
Benoit Mandelbrot mg 1804-d.jpg
Mandelbrot sa bhliain 2007
Dáta breithe 20 Samhain 1924
  Vársá, an Pholainn
Dáta báis 14 D. Fómhair 2010
  Cambridge, MA, SAM
Céile Aliette Kagan
Náisiúntacht Francach, Meiriceánach
Réimsí Matamaitic
Iomráiteach do Tacar Mandelbrot, frachtail
Duaiseanna Prix Wolf (1993)
Prix japonais (2003)

B'eolaí agus matamaiticeoir é Benoît Mandelbrot (20 Samhain 192414 Deireadh Fómhair 2010) a chuir go mór le geoiméadracht na gcodach. Ba thábhachtach a leabhar The Fractal Geometry of Nature (Geoiméadracht Chodach an Nádúir, 1982) i léiriú fheidhmeanna na gcodach i bhfeiniméin nádúrtha. Tugadh a ainm ar thacar ar leith uimhreacha coimpléascacha a ghineann cineál ar leith codach (tacar Mandelbrot) atá an-tarraingteach ó thaobh radhairc de, agus mar sin, an-choitianta ó na 1980idí.