Bóthar an tSíoda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bealach (bealaí, le fírinne) ársa trádála ó oirthear na Síne go lár na hÁise is an Eoraip. Ón 2ú céad AD chuaigh an bealach is fearr eolas air ó chathair Xi'an thar cheann iartharach an Bhalla Mhóir, ag trasnú soir gaineamhlach iarthar na Síne roimh dhul trí cathair Kashi is thar teorainn (an lae inniu) isteach sa Chirgeastáin agus tríd an Táidsíceastáin, an Úisbéiceastáin, an Afganastáin, an Tuircméanastáin, an Iaráin (ainmneacha nárbh ann dóibh ag an am, ar ndóigh) is trí chathair Hamadān i dtreo Bhagdad, as sin chuig cósta thoir na Meánmhara, nó Iostanbúl i mblianta déanacha an Bhóthair. Mar mhalairt ar shíoda fuair an tSín fíonchaora, cadás, castáin inite, alfalfa is pomagrainítí. Scaip teicneolaíochtaí na Síneach i bpórú leamhan síoda, bruithniú iarainn, déanamh páipéir is uisciú soir don Eoraip ar feadh an Bhóthair. Thug an Bóthar an Búdachas don tSín. Bhí tionchar suntasach ag trádáil an tsíoda ar gheilleagar impireacht na Róimhe, mar dhéantaí íocaíocht le miotail luachmhara. Meastar go raibh cúlchiste óir na Síne níos mó faoi 10 AD ná Eoraip na Meánaoise. Is dócha gur chuir Bóthar an tSíoda le titim na Róimhe.