Bruithniú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bruithniú

Próiseas ina bhfaightear miotal óna mhianach trí théamh, ag baint feidhm as breosla a bhaineann comhábhair eile an mhianaigh amach ag an am céanna (mar shampla an ocsaigin óna ocsaídí) agus as flosc a chabhraíonn le heisíontas a bhaint. Is dócha gurb é copar an chéad mhiotal a fuarthas ón mianach, agus bhruithnítí stán, luaidhe is airgead anallód. Gualach ab ea an breosla is an t-oibreán dí-ocsaídithe uilíoch gur thosaigh úsáid an chóic sa 18ú céad. Bhíodh tarraingt fhórsáilte in úsáid sna foirnéisí sa ré chlasaiceach, agus i bhfad na haimsire forbraíodh an fhoirnéis soinneáin as sin. Tá an-chuid foirmeacha bruithnithe trí dhó breosla ann, agus bealaí leictreacha téimh in úsáid freisin, mar a dhéantar le halúmanam.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bruithniú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 94.