Béal an Mhuirthead

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBéal an Mhuirthead

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°13′30″N 9°59′27″W / 54.225°N 9.9908°W / 54.225; -9.9908
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde5 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1412575

Is baile margaidh é Béal an Mhuirthead[1], agus timpeall 2000 duine ina gcónaí ann. Tá sé suite ar leithinis Mhuirthead i gContae Mhaigh Eo. Tá dhá chuan os comhair a chéile ann ar dhá thaobh an bhaile. Tógadh stáisiún garda cósta sa bhliain 1822 san áit a bhfuil baile Bhéal an Mhuirthead anois.

Cuan Oilí

Sa bhliain 1825 bheartaigh William Henry Carter (tiarna talún agus ailtire áitiúil) ar a bhaile féin a bhunú agus dá bhrí sin thóg sé féin agus an Bord Iascaireachta cé nua sa bhliain 1826. Is éard a bhí mar chuspóir ag W.H. Carter baile margaidh a chur ar bun agus laghdú a dhéanamh ar thábhacht an Gheata Mhóir, sráidbhaile Muirtheadach níos sine a bhunaigh muintir Bingham, treabhchas cumhachtach. Cuireadh margadh míosúil eallaigh ar siúl i mBéal an Mhuirthead agus is gearr gur tháinig rath air, cé gurb é an Geata Mór a bhí thíos leis. Chuir muintir Bingham i gcoinne na háite nua, ach bhí a sráidbhaile féin beagnach tréigthe ag lucht tráchtála faoi dheireadh na naoú haoise déag.

Mar sin féin, rinne an Drochshaol an-díobháil do Bhéal an Mhuirthead i ndaichidí na haoise, agus thug a neart daoine a n-aghaidh ar na Stáit Aontaithe agus ar an mBreatain. I ndeireadh an fichiú haois tháinig rath nua ar an áit agus geilleagar na tíre ag borradh, rud ba chuis le daonra an bhaile a mhéadú.

Tá Béal an Mhuirthead laistigh de theorainn Ghaeltacht Mhaigh Eo, ach Béarla atá in uachtar ann. Mar sin féin, is iomaí mac léinn a théann ar U.I.S.C.E., coláiste Gaeilge atá ar leithinis i ngar den bhaile, i rith an tsamhraidh.

Bhí 'The Playboy of the Western World,' dráma le John Millington Synge, bunaithe ar a bhfaca sé thart faoi Bhéal an Mhuirthead. Synge a chum 'Danny,' dán faoi scraiste ar dhúnmharaigh drong áitiúil é agus é ag filleadh ar Bhéal an Mhuirthead as Baingear in Iorrais.

Ligeann Béal an Mhuirthead isteach chuig leithinis Mhuirtheadach thú. Tá ainm an bhéaloideasa agus na staire ar thuaisceart Mhaigh Eo. Tagann a lán imirceach ar ais ó Shasana gach bliain le haghaidh 'Lá an Logha' ar an 15ú lá de Mhí Lúnasa.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]