Augustin Pyrame de Candolle

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Luibheolaí a rugadh sa Ghinéiv san Eilvéis ab ea Augustin Pyrame de Candolle (4 Feabhra 17789 Meán Fómhair1841). Shaothraigh sé córas ginearálta tacsanamaíochta i gcomhair plandaí ina Théorie Élémentaire de la Botanique (Teoiric Bhunúsach na Luibheolaíochta, 1813) a d'fhan ceannasach i rangú plandaí ar feadh leathchéad bliain. D'eisigh sé sraith imleabhar ar luibheolaíocht a chríochnaigh a mhac Alphonse de Candolle (1806-1893). Chabhraigh sé go mór le bunú gheografaíocht na bplandaí, agus chun an gaol idir fásra is saghas ithreach a léiriú. Fuair sé bás in aois a 63 bliana sa Ghinéiv.