Anraí IV na Fraince
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Anraí IV na Fraince | |
|---|---|
| Rí na Fraince agus Navarre | |
| Réimeas | 2 Lúnasa 1589 – 14 Bealtaine 1610 |
| Dáta breithe | 13 Nollaig 1553 |
| Áit bhreithe | Pau, An Fhrainc |
| Dáta báis | 14 Bealtaine 1610 |
| Áit bháis | Páras, An Fhrainc |
| Réamhtheachtaí | Anraí III |
| Comharba | Louis XIII |
| Rítheaghlach | Bourbon |
| Céile | Maighréad na Fraince (1553 – 1615) Marie de' Medici (1573 – 1642) |
Bhí Anraí IV (13 Nollaig 1553 - 14 Bealtaine 1610) ina rí ar an bhFrainc ó 2 Lúnasa 1589 go dtí 14 Bealtaine 1610, nuair a feallmharaíodh é. Ba é an rí ar éirigh leis deireadh a chuir leis na cogaí reiligiúnacha sa Fhrainc, chomh maith le deireadh a chur leis an ngéarchéim chomharbais a bhí ar siúl, nuair a thiontaigh sé ina Chaitliceach le teacht i gcoróin. Ba é an chéad rí de shliocht Bourbon agus bhí a shliocht ina ríthe ar an bhFrainc go leanúnach go dtí Réabhlóid na Fraince. Chuir sé Forógra Nantes i bhfeidhm sa bhliain 1598, rud a bhronn saoirse reiligiúnach áirithe ar Phrotastúnaigh na Fraince agus a réitigh ceist an chreidimh sa tír sin ar feadh tamall áirithe.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.