An tIarthar Fiáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Áitreabhaigh (1866)

Is ionann an tIarthar Fiáin agus an chuid de na Stáit Aontaithe atá suite taobh thiar d'Abhainn Mississippi, mar a bhí sé sa dara leath den naoú haois déag. Is féidir, áfach, ré an Iarthair Fhiáin a shainmhíniú ar bhealach is cuimsithí ná sin, is é sin, ó thús na naoú haoise déag go dtí an bhliain 1920, nuair a tháinig deireadh le Réabhlóid Mheicsiceo. I rith na mblianta seo a chuaigh na Stáit Aontaithe i bhfairsinge siar, go dtí gur baineadh cósta an Aigéin Chiúin amach. Bhí an fhorbairt seo bunaithe ar theagasc na Cinniúna Follasaí (Béarla: Manifest Destiny) - is é sin, chreid lucht rialtais na Stát Aontaithe go raibh sé i ndán do na Stáit fairsingiú a fhad leis an Aigéan Ciúin agus gur cinniúint dhosheachanta a bhí ann. Leis an gcinniúint seo a chomhlíonadh, cuireadh cogaí cruálacha ar na bundúchasaigh agus tháinig na sluaite síoraí ón Eoraip leis na tailte nuaghafa a thabhairt chun míntíreachais.

Chuaigh radharcra, béaloideas agus scéalaíocht an Iarthair Fhiáin i bhfeidhm ar an domhan ar fad. Aithníonn gach duine inniu buntréithe an tsaoil san Iarthar Fiáin mar is gnách iad a chur ar taispeáint sna scannáin, sna coimicí agus sna scéalta: an troid idir na coilínithe agus na bundúchasaigh, an marcshlua a thagann chun fortachta do na coilínithe, na tithe tábhairne lena gcuid cearrbhach agus gunnadóirí, na buachaillí bó agus araile.

Coincheap an "Iarthair Fhiáin" agus an t"Sean-Iarthair"[athraigh | edit source]

Chuir na chéad choilínithe fúthu ar chósta thoir Mheiriceá Thuaidh sa tseachtú haois déag. Ó sin i leith, b'ionann an tIarthar agus na tailte siar ó áitreabh an chine ghil thoir. Uaireanta, tugann lucht léinn "an Sean-Iarthar" ar an réigiún timpeall ar ghleannta Ohio agus Tennessee san ochtú haois déag, nuair a bhí na críocha ina gcúis achrainn idir Sasana, an Fhrainc, agus na coilíneachtaí Meiriceánacha. Níos minicí ná sin, áfach, tugtar an "Sean-Iarthar", "Iarthar Mheiriceá" nó "an tIarthar Fiáin" ar na críocha taobh thiar d'Abhainn Mississippi sa naoú haois déag.

Sealbhú na gCríoch Thiar[athraigh | edit source]

Bunaíodh na chéad choilíneachtaí Eorpacha ar an gcósta thoir sa tseachtú haois déag, agus teorainn nádúrtha idir iad agus an tIarthar, mar atá, na Sléibhte Apaláiseacha. A fhad is a bhí a ndóthain idir lámhaibh ag na coilínithe agus iad ag tabhairt an chósta thoir chun míntíreachais, ba chuma leo faoi na tailte ar an taobh eile de na sléibhte. Tháinig athrú ar an scéal nuair a bhain Stáit Aontaithe Mheiriceá amach a neamhspleáchas, nó ansin, thosaigh lucht na hinimirce ag socrú síos ina sluaite síoraí san Iarthar. Mar sin, ghluais an teorainn thiar go dtí an chéad bhacainn mhór nádúrtha. I ndiaidh Chogadh na Réabhlóide, d'éirigh na cumhachtaí Eorpacha as a bheith ag iompairc faoi na tailte seo, agus tháinig na Stáit Aontaithe ar an bhfód mar chumhacht réigiúnda i ndáiríre. Le teacht na síocháin, baineadh na srianta den fhairsingiú siar. Bhí saint ag na coilínithe nua i dtalamh curadóireachta, agus iad ag sealbhú tailte nua i Stát Nua-Eabhraic agus trasna na Sléibhte Apaláiseacha.

I dtús na naoú haoise déag, bhí teorainn thiar na Stát Aontaithe ag cloí le hAbhainn Mississippi, a bheag nó a mhór. Ritheann an abhainn ó theas aduaidh taobh thiar de locha móra Mheiriceá go dtí an t-inbhear áit a bhfuil New Orleans inniu. Ba é St. Louis i stát Missouri an chathair ba mhó sna críocha thiar san am. Ba í an chathair sin an geata amach dóibh siúd a bhí ag taisteal anoir, agus ba é an príomh-lárionad tráchtála dóibh siúd a bhí ag taisteal ar feadh na habhann nó ag déanamh gnó níos sia siar.

Thosaigh na Stáit Aontaithe ag cur a gcumhachta i bhfeidhm sa bhaile is i gcéin. I ndiaidh do chogadh réabhlóideach Mheiriceá, b'éigean do na Sasanaigh cúlú as Oirthear Mheiriceá, ach d'fhan siad i seilbh Cheanada agus iad ag tabhairt le fios go raibh siad ag díriú ar thuilleadh tailte a ghabháil i dtreo an Iar-Thuaiscirt. Thréig na Francaigh Gleann Ohio ceart go leor, ach mar sin féin bhí siad i gceannas ar chríocha Louisiana ó abhainn Mississippi siar go dtí na Sléibhte Creagacha. Ba leis na Spáinnigh Florida agus na tailte ó Texas go California, agus, fiú, codanna de Utah agus de Colorado, de réir mhapa an lae inniu.

Míntíriú agus Coilíniú an Iarthair[athraigh | edit source]

An tIarthar roimh Chogadh Cathartha SAM[athraigh | edit source]

An Cogadh Cathartha san Iarthar[athraigh | edit source]

I nDiaidh an Chogaidh Chathartha[athraigh | edit source]

An Saol sna Críocha[athraigh | edit source]

An Gabháltas ar na Críocha[athraigh | edit source]