An Chartaig Ársa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba shibhialtacht Sheimíteach í an Chartaig Ársa (An Fhéinícis:Qart-ḥadašt ), bunaithe thart ar an gcathairstát-Féiniceach 'an Chartaig', lonnaithe i dTuaisceart na hAifrice ar Mhurascaill na Túinéise. Sa lá atá inniu ann, tá an Chartaig ina mbruachbhaile de Túinis, príomhchathair na Túinéise. Bunaíodh é sa bhliain 814 RC. Ar dtús, bhí sí ag brath ar an stát Féiníceach Tioras, ach bhain an Chartaig a neamhspleáchas amach thart ar 650 RC agus bhunaigh sí mórcheannas amach ar na lonnaíochtaí Féiníceacha eile ar fud na Meánmhara, Thuaisceart na hAfraice agus na Spáinne (mar atá anois ann), a mhair go dtí 146 RC. Nuair a bhí an chathair in airde a réime, mhéadaigh a tionchar polaitiúil fud fad na Meánmhara Thiar agus bhí sí ar cheann de na moil trádála ba mhó.