An Adyghe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Adyghe
(Адыгэбзэ)
Á labhairt: An Rúis, An Tuirc, An Iordáin, An tSiria, Iosrael, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Poblacht na Macadóine, An Iaráic
Réigiún: Deisceart na Rúise
Cainteoirí san Iomlán: 500,000+
Rang: ~
Líne ghinealaigh: Cugasais

 Cugasach Thuaidh
  Siorcásach
   Adyghe

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: na hAdygea
Foras Pleanála Teanga: Níl údarás teanga ann
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 (Níl aon)
ISO 639-2 ady
ISO 639-3 ady
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Tá an teanga Adyghe (адыгэбзэ adygebze, adəgăbză) ar ceann den dá theanga oifigiúil i bPoblacht Adygea sa Rúis. Labhraíonn treibheanna éagsúla na náisiúntachta Adyghe í: Shapsugh, Bzedugh, Abzekh, Kemirgoy, Hakuchi, agus roinnt eile freisin. Tugann an mhuintir AdyghadzeAdyghabza ar a dteanga féin.

Tá an teanga Adyghe ó dhúchas ag thart ar 125,000 duine sa Rúis. Ar fud an domhain, tá sí ag 300,000 duine, agus an chuid is mó acu ina gcónaí sa Tuirc.

Baineann an teanga Adyghe le fine na dteangacha Cugasacha Thiar Thuaidh. Tá gaol dlúth aici le teangacha ar nós na Cabairdínise, na teanga Ubykh, na hAbchásaise agus na teanga Abaza.

Caighdeánaíodh an teanga i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Sa bhliain 1938, cuireadh an aibítir Choireallach i bhfeidhm ar an teanga, cosúil le cuid mhór teangacha eile san Aontas Sóivéadach. Roimhe sin, b'iad aibítir na hAraibise agus an aibítir Laidineach a bhí in úsáid.

Gramadach[athraigh | edit source]

Tá abairtí bunúsacha na teanga Adyghe, cosúil leis na teangacha Cugasacha Thiar Thuaidh eile, bunaithe ar an ordú ainmní-cuspóir-briathar, agus an briathar ag éileamh an tuisil oibrígh.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]