Teangacha Abkhaz-Adyghe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaTeangacha Abkhaz-Adyghe

Cineálfine teangacha
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Cugasacha
North Caucasian (en) Aistrigh
Cóid
Glottologabkh1242
Linguasphere42-A
Linguist Listnwca
Teangacha Cugasacha Iar-Thuaisceartacha

Is grúpa teangacha iad na teangacha Abkhaz-Adyghe, na teangacha Pontacha nó na teangacha Cugasacha Iar-Thuaisceartacha a labhraítear i réigiún Cugasach na Rúise, sa Tuirc agus sa tSeoirsia. Tá na teangacha seo chomh bocht i ngutaí agus atá siad saibhir i gconsain, nó is iomaí cineál comhurlabhairt is féidir a chur le consan sna teangacha seo. Teangacha táite iad chomh maith, is é sin, teangacha ina mbaintear úsáid as a lán míreanna gramadúla éagsúla a ghreamaítear de thamhain na bhfocal.

Ní bhíonn díochlaonadh na n-ainmfhocal róchasta sna teangacha seo, ach is scéal eile ar fad é réimniú na mbriathar. Bíonn míreanna gramadúla sna briathra a chuireann in iúl comhréir iomlán na habairte, a bheag nó a mhór. Sa Ghaeilge, níl ach aon chineál amháin de mhíreanna in úsáid - na cinn a thugann le fios pearsa agus uimhir an ainmní (tugaim, tugaimid), agus na cinn seo féin ag géilleadh do chóras níos simplí (tugann mé, tugann muid). Ní cheadaítear ach aon bhriathar finideach amháin san abairt, go prionsabálta. Mar sin, ní cheadaítear fochlásail ach an oiread, agus ní mór dul i muinín córas casta rangabhálacha agus infinideach le ciall an fhochlásail a aistriú go ceann de na teangacha seo. Agus an méid seo ráite, is gá cuimhne a choinneáil air go bhfuil an Rúisis ag imirt a tionchair ar na teangacha seo, ionas go bhfuil sé ag éirí indéanta fochlásail a úsáid iontu, sa teanga Abkhaz ar a laghad.

Áirítear go bhfuil cúig theanga san fhine seo, mar atá, an teanga Abaza, an teanga Abkhaz, an teanga Ubykh, an Chabardais agus an teanga Adyghe. Chuaigh an teanga Ubykh as úsáid sa bhliain 1992, nuair a bhásaigh an cainteoir dúchais deireanach, Tevfik Esenç, sa Tuirc, i sráidbhaile Hacı Osman i réigiún Marmara. Bhí teangeolaithe ar nós Georges Dumézil agus George Hewitt in ann an teanga a thaifeadadh go cuimsitheach, agus rinne siad cairdeas maith le hEsenç, a bhí ina thogha seanchaí agus ina fhaisnéiseoir ag na taighdeoirí. Bhí ciall mhaith aige dá theanga dhúchais, agus é ábalta í a labhairt gan an iomarca focal iasachta ón Tuircis ná ón teanga Adyghe a tharraingt chuige. Bhí an dá theanga seo go líofa aige, áfach, agus chuidigh sé leis na teangeolaithe an teanga Ubykh agus an teanga Adyghe a chur i gcomparáid le chéile.

Is iad an teanga Abkhaz agus an teanga Abaza an dá theanga is gaolmhaire leis an teanga Ubykh. Le fírinne, is féidir a rá gur contanóid chanúnach iad an teanga Abkhaz agus an teanga Abaza, is é sin, go bhfuil ceann den bheirt ag iompú ina cheann eile acu de réir mar a leantar slabhra na gcanúintí idir leaganacha caighdeánacha an dá theanga. Tá an teanga Abaza níos casta ó thaobh na bhfuaimeanna de ná an teanga Abkhaz. Tá stádas oifigiúil ag an teanga Abkhaz in Oirthear na Seoirsia, sa phoblacht fhéinrialaitheach úd Abkhazia; maidir leis an teanga Abaza, áfach, níl stádas oifigiúil aici in aon áit.

Contanóid chanúnach iad an teanga Adyghe agus an Chabairdis freisin. Is gnách "Seirceisis" nó "Siorcáisis" a thabhairt orthu, má ghlactar leis gur aon teanga amháin iad. Mar sin féin, tá caighdeáin liteartha éagsúla socraithe dóibh. Tá an Chabairdis liteartha bunaithe ar an gcanúint Terek, cé go mbeadh an chanúint úd Besney intuigthe ag lucht labhartha na Cabairdise agus ag cainteoirí na teanga Adyghe araon. Tá stádas oifigiúil ag an teanga Adyghe i bPoblacht Fhéinrialaitheach Adygea sa Rúis. Maidir leis an gCabairdis, tá an stádas sin aici in dhá phoblacht bheaga sa Rúis, mar atá, Kabardino-Balkaria (an Bhalcáir Chabairdeach) agus Karachay-Cherkessia (an Chiorcáis Charaitséach).

Tá sé deacair prótatheanga réamhstairiúil na dteangacha Pontacha a chur i dtoll le chéile as an ábhar tógála atá fágtha sna teangacha seo, cé go bhfuil sé sách cinnte go bhfuil siad gaolmhar le chéile. Is iad na fadhbanna a bhíonn ag na saineolaithe ná:

  • go bhfuil an chuid is mó de thamhain na bhfocal aonsiollach - go minic ní bhíonn i dtamhan an fhocail ach aon chonsan amháin;
  • go mbíonn na fuaimeanna ag athrú ar dhóigheanna casta, agus an éagsúlacht chonsan ag cur leis an deacracht;
  • go raibh an t-ablabht (athrú gramadúil na ngutaí) ardtábhachtach i ngramadach na dteangacha seo ní ba luaithe, agus a shliocht ar chuid mhór den ghramadach inniu féin;
  • go bhfuair teangacha na fine seo a lán focal ar iasacht óna chéile i rith na mblianta, ionas nach bhfuil sé éasca a shocrú cén chuma a bhí ar na focail sa phrótatheanga;
  • go mbíonn na homafóin (focail nach ionann a gciall cé go bhfuaimnítear cosúil le chéile iad) sách coitianta i dteangacha na fine.