Alan Shepard

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Alan Shepard sna 1960í

An chéad spásaire de chuid na Stát Aontaithe, a rugadh in East Derry, New Hampshire ab ea Alan Bartlett Shepard (1923-1998). Tharla a eitilt fhofhithiseach i spáschochall Mercury, Freedom 7, i 1961. Bhain sí airde 185 km amach, agus mhair 15 nóiméad. Ceannasaí ar fhoireann Apollo 14 a tháinig i dtír ar an nGealach i 1971.