Clár Apollo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An chéad aistear a d'eagraigh NASA don Ghealach le foireann ar bord. Rinne Apollo 11 (le Neil Armstrong is Edwin Aldrin ar bord) an chéad tuirlingt ar an nGealach i 1969. 6 aistear ar fad a chuaigh i dtír. Tógadh 300 kg d'ithir, croíleacán is carraigeacha ar ais ón nGealach, agus rinneadh turgnaimh ar an nGealach. Roimh an gclár seo, a lean ar feadh 10 mbliain nó mar sin, bhí cláracha saothraithe Mercury, Gemini, Ranger, Surveyor is Lunar Orbiter ag NASA. An fheithicil lainseála Saturn V a úsáideach do chlár Apollo, an roicéad ba chumasaí riamh. Triúr foirne a bhí ar gach aistear, is iad lonnaithe sa mhodúl stiúrtha a d'fhanadh i bhfithis timpeall na Gealaí nuair a scaradh an modúl Gealaí leis chun tuirlingthe. Ansin nuair a d'éiríodh an modúl Gealaí ón dromchla, nascadh sé leis an modúl stiúrtha roimh imeacht le chéile ón bhfithis timpeall na Gealaí le filleadh ar an Domhan. Tar éis teacht tríd an atmaisféar, thuirlingíodh an modúl Gealaí le paraisiút sa bhfarraige, agus thógtaí ar bord loinge é. Ba é Apollo 8 an chéad aistear le foireann don Ghealach (1968). Tharla an t-aistear deireanach, Apollo 17, i 1972: chaith an fhoireann 75 uair, agus thaistil 34 km, ar dhromchla na Gealaí leis an bhfeithicil ar thugadar ‘fánaí Gealaí’ uirthi.


Réalteolaíocht
Is síol réalteolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.