An Eolaíocht Chríostaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Christian Science Publishing Society, Boston MA.jpg

Córas creidimh reiligiúnda í an Eolaíocht Chríostaí a bhunaigh Mary Baker Eddy sa bhliain 1866 agus cleachtann baill An Chéad Eaglais de Chríost chomh maith le daoine eile nach iad é. Is iad An Bíobla Naomha agus téacsleabhar na hEolaíochta Críostaí, Eolaíocht & Sláinte le gluais do na Scriptiúir le Mary Baker Eddy príomhthéacsanna an reiligiúin. Ceapann cleachtóirí an reiligiúin gur féidir aon tinneas a leigheas leis an nguí, tuairim a thagann go hiomlán salach ar an eolaíocht agus ar an leigheas fianaisebhunaithe agus mar sin breathnaítear ar an eolaíocht taobh thiar den reiligiún seo mar chineál bréag-eolaíochta.