Aigéad salaicileach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Druga a ullmhaíodh ar dtús as eastóscadh airgead luachra, agus ansin i 1838 ó choirt na sailí. D'úsáidtí a shalann, salaicioláit sóidiam, mar theiripe ar phianta réamatacha is slaghdáin fhiabhrasacha ar dtús i 1875. Cuireadh an t-aigéad acéitiolsalaicileach (aspairín), a fuarthas a bheith níos cumasaí mar dhruga, ina ionad i 1899.