Aicne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar na bhfaireog geireach is ea aicne, go mór mór le linn óigeantachta. Puchóidí bándearga is goiríní dubha ina dtimpeall a bhíonn ann, is iad ar an aghaidh, an droim is an cliabhrach. Ainsealach uaireanta, ach den chuid is mó is féidir í a choimeád faoi smacht le cothú ceart is glaine dhaingean.