Filipendula ulmaria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Airgead luachra)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFilipendula ulmaria Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo demeadowsweet flower (en) Aistrigh agus meadowsweet (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhfollicle (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN203433 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdRosales
FineRosaceae
GéineasFilipendula
SpeiceasFilipendula ulmaria Cuir in eagar ar Wikidata
Maxim., 1879
Ainmníocht
BasainmSpiraea ulmaria Cuir in eagar ar Wikidata

Planda luibheach ilbhliantúil san fhine Rosaceae, a fhásann i móinéir thais is ea Filipendula ulmaria, ar a dtugtar An t-airgead luachra[1] go coitianta in Éirinn.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ciallaíonn an t-ainm ulmaria "leamhán", b'fhéidir i tagairt dá dhuilleoga aonair atá cosúil le duilleoga an leamháin (Ulmus). Tagann an t-ainm géineasach, Filipendula, ón Laidin filum, rud a chiallaíonn "snáth" agus pendulus, rud a chiallaíonn "crochta". Deirtear go gcuireann sé seo síos ar na tiúbair fhréamhacha a bhíonn ag crochadh go tipiciúil ar an ghéineas, ar fhréamhacha snáithíneacha.

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na gais 1-2 m ar airde, in airde agus fionnadh, idir dhearg agus corcra uaireanta. Na duilleoga bosach, díseanna duilleoigíní ag ailtéarnú le 5 phéire duilleog mór. Na bláthanna cúigphiotalach le seipil athfhillte bhánbhuí chumhra, ag déanamh maise neamhrialta foirceanta, agus na cairpéil casta go bíseach.

Tá bláthanna íogar, grástúil, buíbhán aige, cnuasaithe go dlúth le chéile i gcimeanna le craobhacha neamhrialta, a bhfuil boladh an-láidir, milis orthu.

Bláthaíonn siad ó thús an tsamhraidh go dtí tús an fhómhair agus tugann cineálacha éagsúla feithidí cuairt orthu, go háirithe cuileoga ón ngéineas Musca.[2]

Bíonn na bláthanna beag agus iomadúil, taispeánann siad 5 sheipil agus 5 pheitil le 7 go 20 stamens.[4] Tá na bláthanna beaga agus iomadúla, taispeánann siad 5 sheipil agus 5 pheitil le 7 go 20 staimín.[3]


Chuirtí i mbeoir is fíon é lena mblas a fheabhsú. Ina luibh, d'úsáidtí é i leighis pobail mar chéirín ar chnámh bhriste, chun bac a chur ar chlocha fuail, mar leigheas ar thinneas goile, duáin is scornaí, is riochtaí eile. Aigéad sailicileach ann, atá gaolmhar le haspairín.

Dáileadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

An t-airgead luachra fiáin i Wharfedale, in aice le Conistone, Yorkshire Thuaidh, Sasana

Tá an t-airgead luachra coitianta ar fud na Breataine Móire-na hÉireann i limistéir thaise agus tá sé ceannasach in eanaigh agus i gcoillte fliucha.[4][5]

Ta an planda dúchasach don Eoraip, iarthar na hÁise is tuaisceart na hAfraice. Ní planda dúchasach é i Meiriceá Thuaidh, ach tá sé tugtha chun cineáil ansin. Fásann sé in áiteanna boga.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Filipendula ulmaria” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. "Competition for pollinators and intra-communal spectral dissimilarity of flowers" (2015). Plant Biology 18 (1): 56–62. doi:10.1111/plb.12328. PMID 25754608. 
  3. Parnell, J. and Curtis, T. 2012. Webb's An Irish Flora. Cork University Press. ISBN 978-185918-4783
  4. Clapham, A.R., Tutin, T.G. and Warburg, E. F. 1973. Excursion Flora of the British Isles. Cambridge University Press. ISBN 0-521-04656-4
  5. Hackney, P. (Ed) 1992. Stewart and Corry's Flora of the North-east of Ireland. Institute of Irish Studies and the Queen's University of Belfast. ISBN 0-85389-446-9