Zombaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Grúpa aisteoirí a bhfuil cuma agus gothaí zombaithe orthu

Is éard atá i gceist le zombaícorpán agus é athbheoite le horthaí marbhdhraíochta. Is é an creideamh Afra-Chairibeach, an vúdú, is bunús leis an bhfocal féin zombaí, ach tá coincheap an mharbháin athbheoite le fáil ina lán miotaseolaíochtaí ar fud an domhain. Creideann lucht an vúdú gur féidir le hasarlaí draíocht chumhachtach a oibriú ar an marbhán agus é a ghairm chun beatha arís. Ní bheidh an zombaí ina bheatha i gceart, áfach, ach ina "neamh-mharbh", agus ó nach bhfuil toil ná tuiscint dá chuid féin aige, fanfaidh sé faoi smacht an mharbhdhraoi a d'aiséirigh é.

Bíonn na zombaithe an-choitianta i scannáin uafáis ár linne. Ba é George A. Romero a chuir tús leis an bhfaisean lena scannán Night of the Living Dead ón mbliain 1968. Ba é Romero a chruthaigh steiréitíopa an zombaí mar is minice a chastar sna scannáin agus sna coimicí uafáis orainn é sa lá atá inniu ann. Is é an phríomhdhifríocht idir zombaithe an bhéaloidis Chairibigh agus zombaithe an phopchultúir ná nach mbíonn zombaithe na scannán uafáis faoi smacht aon mháistir: ní bhíonn siad ach ag dul timpeall ina n-amadáin gan chiall, agus aon duine a chasfar orthu, ionsóidh siad é, ionas go dtolgfaidh sé féin galar na "zombaíochta" uathu. Is minic freisin a bhíonn zombaithe na scannán ag baint bhaill an choirp de na daoine beo le páirteanna nua a chur in áit na feola atá ag meath de chnámharlach an zombaí. Sa scannán Return of the Living Dead le John A. Russo, bhí na zombaithe an-chosúil le daoine beo, nó bhí toil agus tuiscint dá gcuid féin acu, ach san am céanna, theastaigh uathu go géar inchinn na ndaoine beo a ithe, le maolú ar an bpian a bhí á gcéasadh féin.

Is iomaí scannán a théann i dtuilleamaí an choincheapa a dtugtar "apacailipsis na zombaithe" air. I bplota den chineál sin, iompaíonn galar nó nimh rúndiamhair an chuid is mó den chine dhaonna ina zombaithe, ionas go dtiteann an tóin as an tsibhialtacht ar fad, agus ní fhágtar ach dornán daoine ag cur catha ar na sluaite móra de na zombaithe. Bhí scannán Romero, mar shampla, bunaithe ar an smaoineamh seo, agus le déanaí, tá sé le haithint ar an úrscéal úd Cell le Stephen King. Tá "apacailipsis na zombaithe" sách cosúil le bunsmaoineamh an scannáin Invasion of the Body Snatchers ón mbliain 1956. Sa scannán seo, ba iad na "corpsciobthóirí" ón spás a thuirling ar an Domhan lena gcuid íobartach a iompú ina neacha neamh-mharbha a bhí an-chosúil le zombaithe.

Níltear cinnte, cárb as ar tháinig an focal sin zombaí. Is féidir gurb é jumbie is bun leis, focal gnáthchainte sna hIndiacha Thiar a chiallaíonn "taibhse". Focal spéisiúil eile é nzambi, focal as an teanga Kikongo. Is é is ciall leis ná "spiorad an duine mhairbh". Cibé scéal é, is dócha gur tháinig an téarma ó cheann de theangacha Bantúcha na hAfraice trí Fhraincis Háítí. Focal eile is fiú a lua sa chomhthéacs seo ná nzúmbe, ón teanga Kimbundu. Is é is brí leis ná "taibhse".

Tá créatúr i mbéaloideas na Síne, jiangshi (Sínis: 殭屍), cosúil leis an zombaí.

Na Zombaithe sa Phopchultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dealraíonn sé gurbh é William Seabrook (1884-1945) a thug isteach an zombaí - an focal - i leathchaint an phopchultúir Mheiriceánaigh leis an leabhar The Magic Island a tháinig i gcló sa bhliain 1929. Scríbhneoir agus taistealaí a bhí i Seabrook agus an-suim aige sa chanablacht agus sa vúdú. Sa bhliain 1932, rinne an stiúrthóir Victor Halperin an scannán White Zombie, a bhí ar an gcéad scannán uafáis faoi na zombaithe a chuaigh ar an scáileán riamh sna Stáit Aontaithe. Ba é Bela Lugosi a rinne páirt an zombaí. Na scannáin zombaí a dhéantar inniu, áfach, tá siad go mór mór faoi thionchar The Night of the Living Dead le George Romero. Fuair Romero féin a bhunsmaoineamh as an úrscéal I am Legend le Richard Matheson. Ní luann an leabhar ná an scannán na "zombaithe", ach ar ndóigh, ní raibh lucht féachana an scannáin i bhfad ag samhlú an fhocail sin le haisling Romero.

Póstaer le rabhadh faoi ráig shamhalta zombaithe

Úsáidtear coincheap an zombaí mar mheafar i gcriticeoireacht shóisialta freisin, in amhráin agóide mar shampla. Na daoine nach ndéanann ach an rud a ordaítear dóibh, cuirtear i gcomparáid le zombaithe iad.

Focail Ghaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uaireanta, agus daoine ag iarraidh zombaí, ar iasacht ón mBéarla é, a sheachaint baintear feidhm as focail éagsúla Ghaeilge. Mar sin féin is é an focal zombaí an téarma is coitianta ar fad sa Ghaeilge.

  • Silteánach
  • Neamh-mharbh
  • Marbhán beo
  • Catamán
  • Éagbhás
  • Síománaí

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]