George A. Romero
Scannánóir, scríbhneoir scripte scannáin agus eagartóir Meiriceánach-Cheanadach ab ea George Andrew Romero, a rugadh i gCathair Nua-Eabhrac ar an 4ú lá d'Fheabhra sa bhliain 1940 agus a fuair bás ar an 16ú lá de Mhí Iúil sa bhliain 2017 in Toronto, Ceanada.
Ba iad na scannáin uafáis a thabhaigh a chlú dó, go háirithe The Night of the Living Dead a chuaigh ar na scannáin sa bhliain 1968. Deirtear gurbh é an scannán áirithe seo a thug isteach an zombaí - an t-éag ina sheasamh, an duine marbh agus é ag dul timpeall - i bpopchultúr na Stát Aontaithe, cé nár chualathas an focal féin ar an scannán.
Chuaigh saothar Romero go mór mór i bhfeidhm ar sheánra na scannán uafáis go léir, agus is minic a thugtar "athair na scannánaíochta uafáis" air. Ceannródaí agus íocón cultúrtha é mar scannánaí uafáis.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Básanna in 2017
- Daoine a rugadh i 1940
- Eisimircigh Mheiriceá go Ceanada
- Aisteoirí scannáin fireann Mheiriceá
- Aisteoirí teilifíse fireann Mheiriceá
- Muintir Mheiriceá de shliocht na Gailíle
- Muintir Mheiriceá de shliocht na Liotuáine
- Muintir Mheiriceá de shliocht na Spáinne
- Scríbhneoirí Meiriceánacha de shliocht Chúba
- Frith-thomhaltóirí
- Ailt ina bhfuil gearrthóga físe
- Aisteoirí scannáin
- Aisteoirí teilifíse
- Muintir Cheanada de shliocht Chúba
- Básanna ó ailse in Ontario
- Básanna ó ailse scamhóg
- Stiúrthóirí scannáin uafáis
- Saoránaigh eadóirsithe Cheanada
- Stiúrthóirí scannán Meiriceánacha