Plé:Zombaí

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fan Socair

Má tá ráig zombaithe in áit a bhfuil dlús mór daoine ann beidh an áit sin baolach! An chéad rud is cóir duit déanamh ná fanacht socair. Má dhéanann tú seo laghdaíonn tú an seans go ngortóidh an dream sin a bhfuil scaoll fúthu tú, agus iad timpeall ort i do chathair nó i do bhaile féin.

Aslonnaigh Bailigh nithe tábhachtacha teaghlaigh agus nithe luachmhara beaga amháin. Ná déan iarrracht sealúchas nó maoin a chosaint!

Meitheal Nuair a bheidh an ceantar galraithe fágtha agat, cruinnigh le daoine nach bhfuil an galar orthu.

Athlonnaigh Téigh láithreach go stáisiún sábhála do cheantair. Murar ann do stáisiún aimsigh ionad daingnithe agus éist le Raidió na Life, Raidió Fáilte nó Raidió na Gaeltachta le breis treoracha agus cúnaimh a fháil.

Nodanna Sábháilteachta maidir le Plaiceanna Zombaithe

Seachain gach aon zombaí más féidir in aon chor. Ná déan aon ghleo mar go meallfaidh sé sin zombaithe i do threo. Ná rith go tapa ó zombaithe! Más féidir leat, siúil go tapa agus bí airdeallach ar do thimpeallacht. Caith éadaí atá teann le do cholainn ionas nach féidir le zombaithe greim a bhreith ort go héasca.

I gcás plaice Tá sé ríthábhachtach cuimhneamh go bhfuil aon phlaic ó zombaithe marfach. Ba chóir aon bhall de do ghrúpa a mbaintear plaic astu a chur i gcoraintín nó a sheoladh chun bealaigh go pras. Tóg gach píosa trealaimh ón té galraithe sula dtiontaíonn siad ina zombaí. Tá an rialtas ag díriú ar vacsaín a fhorbairt faoi láthair a chuirfidh cosc le scaipeadh an ghalair. Níl aon mhórdhul chun cinn déanta acu fós ar an drochuair.

Marú 1. An t-aon bhealach cinnte le zombaí a sheoladh chun bealaigh ná scaoileadh leo sa chloigeann, is féidir seo a dhéanamh le huirlis mhaol nó uirlis ghéar nó le harm tine.

2. Má scaoileann tú le zombaí sna géaga nó sa chliabhrach laghdóidh sin an seans go mbéarfaidh zombaí greim ort.

3. Má scaoileann tú nó má ghearrann tú na cosa de zombaí, is féidir go ndéanfaidh seo iad a mhoilliú ach beidh baol ann duit fós mar gur féidir leo lámhacán i do threo. Is iomaí duine ar baineadh plaic astu i gcás mar seo nuair nach raibh fhios ag daoine go raibh zombaí ag gluaiseacht ina dtreo fós.

Ná bac le Zombaí in aon chor más féidir leat!