Xiléin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Leacht olúil gan dath, meascán de 3 bheinséin isiméireach a fhaightear i dtarra guail. Úsáidtear go minic mar thuaslagóir í, go príomha i gcomhair samplaí don mhicreascóp. Bunábhar i ndéanamh aigéad talach i gcomhair polaiméirí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Xiléin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 707.