Tarra guail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Seachtháirge so-ghalaithe téite guail, gan aer as láthair, chun cóc a dhéanamh. Leacht dubh slaodach, meascán coimpléascach comhdhúl orgánach. Má dhriogtar tarra guail a thuilleadh, táirgtear an-chuid ceimiceán atá ina mbunábhair do phléascáin, ruaimeanna is drugaí.