William Shakespeare
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Aibreán 1564 Stratford-upon-Avon (Ríocht Shasana) |
Bás | 23 Aibreán 1616 (Iúlach) 51/52 bliana d'aois Stratford-upon-Avon (Ríocht Shasana) |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (luach anaithnid) |
Áit adhlactha | Holy Trinity Church (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | King Edward VI School, Stratford-upon-Avon (en) |
Áit chónaithe | Stratford-upon-Avon |
Teanga dhúchais | Nua-Bhéarla Moch |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ficsean, amharclannaíocht, English drama (en) , drámaíocht, filíocht agus aisteoireacht |
Gairm | drámadóir |
Tréimhse ama | English Renaissance (en) |
Seánra | Dráma agus filíocht |
Faoi thionchar | |
Teangacha | Nua-Bhéarla Moch |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | Anne Hathaway (1582 (Iúlach)–1616 (Iúlach)) |
Páiste | Susanna Hall, Hamnet Shakespeare, Judith Quiney |
Athair | John Shakespeare agus Mary Shakespeare |
Siblín | Joan Shakespeare, Edmund Shakespeare, Gilbert Shakespeare, Richard Shakespeare, Anne Shakespeare, Margaret Shakespeare agus Joan Shakespeare |
|
Aisteoir, drámadóir agus file Sasanach a bhí i William Shakespeare (baisteadh 26 Aibreán, 1564 – 23 Aibreán, 1616), a meastar go forleathan gurbh é an scríbhneoir Béarla is fearr ariamh é.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Shakespeare i mbaile Stratford-upon-Avon, i Sasana i mí an Aibreáin 1564, mac le John Shakespeare, déantóir miotóg, agus a bhean Mary Arden. Tá sé scríofa ar a theastas breithe gur baisteadh é ar an séú lá fichead de mhí an Aibreáin an bhliain sin. Tá fhios againn nach mbíodh leanaí thar chúpla lá d'aois nuair a bhaistí iad, agus shocraigh na staraithe ar an tríú lá fichead mar a lá breithe. Tá sé áisiúil an dáta sin a roghnú - fuair sé bás ar an lá sin sa bhliain 1616 – agus fosta tá sé fóirsteanach do b’fhéidir an drámadóir ab fhearr a bhí riamh ag Sasana, nó is sin lá Fhéile Seoirse, Naomh-Phátrún Shasana.
Cuireadh an dlí ar athair Shakespeare, a bhí rachmasach nuair a tháinig William ar an saol, as ucht bheith páirteach i margadh dubh na holla, agus cuireadh an ruaig air as a phost mar sheanóir baile. Tá fianaise ann go raibh dáimh ag dhá thaobh an teaghlaigh leis an Chaitliceachas.
Mar mhac oifigigh iomráitigh baile, is dócha gur fhreastail William Shakespeare ar scoil ghramadaí Stratford, áit ar cuireadh oideachas tréan ar fail i ngramadach na Laidine agus sa Litríocht. Níl fianaise ar bith le fáil go bhfuair sé scolaíocht rialta ar bith thar seo.
Phós Shakespeare Anne Hathaway, a bhí ocht mbliana níos sine ná é, ar an ochtú lá fichead de Shamhain 1582 ag Temple Grafton in aice le Stratford. Ba bheirt chomharsana de chuid Anne, Fulk Sanders agus John Richards, a chuaigh i mbannaí orthu nach raibh toirmeasc phósta ar bith orthu. Má d’eagraigh siad an bhainis faoi dheifir, bhí gá leis mar go raibh Anne ag iompar clainne le trí mhí. Tar éis a phósta is beag rian a d’fhág William Shakespeare ar leabhar na staire gur nocht sé arís i saol liteartha Londan.
Ar an séú lá fichead de Bhealtaine, 1583 baisteadh an chéad duine clainne, Susanna i Stratford. Baisteadh mac, Hamnet, agus iníon, Judith, ar an dara lá de mhí Feabhra 1585. Sa bhliain 1592, bhí oiread cáile tuillte ag Shakespeare gur mhaslaigh Robert Greene é go poiblí mar “an upstart crow, beautified with our feathers, that with his Tygers hart wrapt in a Players hide supposes he is as well able to bombast out a blanke verse as the best of you: and beeing an absolute Johannes factotum, is in his owne conceit the onely Shake-scene in a countrey.” (Is scigaithris atá ar siúl anseo aige leis an líne “Oh, Tiger’s heart wrapped in a woman’s hide” ar bhain Shakespeare úsáid as sa dráma Henry VI, cuid a 3).
Sa bhliain 1596 fuair Hamnet bás agus cuireadh ar an aonú lá déag de Lúnasa na bliana sin é. De bharr na gcosúlachtaí idir na hainmneacha, deirtear gur seo a spreag Shakespeare le ‘The Tragical History of Hamlet the Prince of Denmark’ a scríobh. Sa bhliain 1598 bhí Shakespeare ina chónaí i bparóiste St. Helen’s Bishopsgate, agus tá a ainm le fáil ar bharr liosta aisteoirí a léirigh an dráma ‘Every man in his Humour’, a scríobh mórdhrámadóir eile na linne sin, Ben Jonson.
Faoin am seo ba dhrámadóir, scríbhneoir agus aisteoir é agus sciar aige i gcomplacht drámaíochta ar a dtugtaí The Lord Chamberlain’s Men a bhí ainmnithe as a n-urra uasal, an Tiarna Chamberlain é féin. Bhí an oiread sin cáile agus measa ar an chomhlacht tar éis bhás Éilís I gurbh é an Rí úr é féin, Séamas I, a rinne urraíocht orthu agus ghlac siad ainm úr, ‘The King’s Men’.
D’fhoilsigh Shakespeare na soinéid sa bhliain 1609. Is dánta grá an mhórchuid acu ina ndéantar ceiliúradh ar chumainn agus tá siad breac le leath-thagairtí homaighnéasacha chuig fear óg (fair lord). Scríobhadh tuilleadh acu do bhean dhorcha, ‘dark lady’.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’éirigh Shakespeare as an scríbhneoireacht sa bhliain 1611, agus fuair sé bás ar an tríú lá fichead de mhí Aibreáin 1616. Bhí sé pósta ar Anne go lá a bháis agus d’fhág sé beirt iníonacha, Susanna agus Judith, ina dhiaidh.
Tá uaigh Shakespeare le feiceáil i Séipéal na Tríonóide Naofa i Stratford-on-Avon agus an feartlaoi cáiliúil seo greanta air a thuama:
- Good friend, for Jesus’ sake forbear,
- To dig the dust enclosed here.
- Blest be the man who spares these stones,
- But cursed be he that moves my bones.
Tá ráflaí ann a deir go bhfuil tuilleadh ábhair a scríobh Shakespeare sa tuama leis, ach an rabhadh i ndáiríre atá i bhfocail an fheartlaoi nó píosa grinn dhrámatúil ó shárdhrámadóir?
Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Coiméidí
|
Startha
|
Traigéidí
|
Dánta
|
Drámaí caillte
|
Apacrafa
|