William Mahon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaWilliam Mahon
Áit chónaithean Bhreatain Bheag
Gníomhaíocht
Réimse oibreAn Ghaeilge
Gairmmúinteoir ollscoile, údar Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Aberystwyth Cuir in eagar ar Wikidata

Scoláire Meiriceánach is ea an Dochtúir William Mahon. As New Jersey dó, agus tá a chuid taighde dírithe go háirithe ar an Ghaeilge agus a litríocht idir na blianta 1600 agus 1850. Faoi láthair tá sé ina léachtóir Gaeilge ag Ollscoil Aberystwyth sa Bhreatain Bheag. Tá leabhair agus páipéir foilsithe aige faoi chúrsaí staire agus litríochta.

Chaith an Dochtúir Mahon timpeall cúig bliana déag ag múineadh Gaeilge ar son Chumann na Gaeilge i mBostún, agus i gColáiste Bhostúin agus in Ollscoil Harvard. Scríobh sé tráchtas PhD sa bhliain 1887 ar luathfhoclaíocht na Gaeilge agus fuair sé post sa Roinn Breatnaise in Ollscoil Aberystwyth sa bhliain 1995. Tá sé ag léachtóireacht ar Nua-Ghaeilge agus ar Shean-Ghaeilge.

Sa bhliain 1991 d’fhoilsigh sé Kirwan’s Irish Catechism, saothar a léirigh an tsuim atá aige i stair shóisialta agus i gcanúineolaíocht. Ina theannta sin d’fhoilsigh sé The History of Éamonn O’Clery (2000), eagrán nua agus aistriúchán de Stair Éamainn Uí Chléire (c. 1708), scéal scigaithriseach le Seán Ó Neachtain (c.1640-1727).

Tá speisialtacht déanta ag an Dochtúir Mahon de stair na Gaeilge i Meiriceá, agus tá dhá leabhar foilsithe aige faoin ábhar sin: Catalogue of Irish Manuscripts in Villanova University, Pennsylvania (2007), and Thomas Griffin (1829-96) of Corca Dhuibhne & the Irish Community of Lawrence, Massachusetts (2007).

Tá an Dochtúir Mahon go maith chun ceol traidisiúnta a sheinm ar an bhfliúit, bua a mbaineann sé tairbhe as i modúl dar teideal ‘Traditional Music of the Celtic Nations’.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Liosta saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Thomas Griffin (1829-1896) of Corca Dhuibhne and the Irish Community of Lawrence. Massachusetts: Ollscoil Aberystwyth 2007.
  • Catalogue of Irish Manuscripts in Villanora University, Pennsylvania. Dublin Institute for Advanced Studies 2007) 102 pp.
  • 'Eoghan Rua Ó Suilleabháin's Aisling Parody: An Phis' in Proceedings of the Seventh Symposium of Societas Celtologica Nordica (2007)
  • 'Moddau a thonyddiaeth cerddoriaeth Iwerddon' in Canu Gwerin, 23 (2000), lgh 63-92.
  • The History of Éamonn O'Clery (Seán Ó Neachtain): Translated and Annotated with an Edition of the Irish Text. Indreabhán, 2000.
  • 'The Aisling elegy and the poet's appropriation of the feminine' in Studia Celtica, XXXIV (2000), lgh 249-70.