William Ganly
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1855 Inis Mór |
Bás | 20 Feabhra 1926 70/71 bliana d'aois Malvern, Victoria |
Áit chónaithe | Melbourne |
Gníomhaíocht | |
Gairm | sagart paróiste |
Cainteoir dúcháis Gaeilge ó Inis Móir ba ea an tAthair William Ganly (1855 – 20 Feabhra 1926). D’oibrigh sé mar shagart i Melbourne na hAstráile agus bhí sé páirteach i ngluaiseacht na Gaeilge ann. D’fhreastail sé ar chainteoirí Gaeilge na Nua-Shéalainne freisin. Ba é uncail agus athair baiste an scríbhneora Liam Ó Flaithearta é.
Bhí William Ganly ina shagart paróiste i gContae Mhaigh Eo sular tháinig sé go dtí an Astráil ar an Orizaba. Bhí a dheartháir Tomás in achrann leis an dlí de bharr báille a lámhachadh, agus spreag an callán William chun dul thar lear.[1] Tháinig sé i dtír sa bhliain 1889 agus ba é cigire na scoileanna Caitliceacha in Melbourne é i nóchaidí an 19ú haois. D’oibrigh sé mar shagart i bparóisbytí Footscray, St Kilda Thiar agus Thoir, Flemington agus Ardeaglais Naomh Pádraig.
Thugadh sé léachtanna ar chultúr na hÉireann, agus tá rian na hAthheochana le haithint ar na fuinneoga daite a d’fhág sé i dteach an tsagairt in St Kilda Thiar, mar a raibh sé ina shagart paróiste idir na blianta 1899 agus 1917. D’fhoilsigh sé roinnt alt léannta i mBéarla.
Thuag sé cuairt ar an Nua-Shéalainn i dtús na bliana 1903 agus thug seanmóir i nGaeilge. An bhliain chéanna thug sé seanmóir eile i nGaeilge i Séipéal Naomh Proinsias in Melbourne agus tháinig daoine as gach cearn lena chloisteáil.
Fuair sé bás in aois a bhliain is seachtó ar 20 Feabhra 1926 i bparóiste Naomh Beinidict in Malvern, Melbourne.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ó hEithir, Breandán, An Chaint sa tSráidbhaile, Comhar Teoranta 1991, ISBN 0-9518056-0-6, lch 161.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Noone, Val (2012). Hidden Ireland in Victoria, lgh 88-9, 91. Ballarat Heritage Services. ISBN 978-1-876478-83-4