William Alfred Fowler
Appearance
Réaltfhisicí a rugadh i bPittsburgh, Pennsylvania ab ea William Alfred Fowler (9 Lúnasa 1911 – 14 Márta 1995). Chuir sé coincheapanna na fisice núicléiche i bhfeidhm ar an réalteolaíocht, agus cuirtear síos dó gur bhunaigh sé teoiric na núicléisintéise. Bronnadh Duais Nobel na Fisice air i 1983 as a shaothar, á roinnt le Subramanayan Chandrasekhar (1910–1995).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "William Alfred Fowler". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 286.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |