Weezer
Is banna rac-cheoil as Stáit Aontaithe Mheiriceá é Weezer. Bunaíodh an banna i 1992 in Los Angeles. Ó 2001, is iad Rivers Cuomo, Brian Bell, Scott Shriner agus Pat Wilson baill an ghrúpa. Dhíol siad 10 milliún ceirnín sna Stáit Aontaithe agus 35 milliún ceirnín ar fud an domhain go dtí seo.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunú an bhanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]I 1989, bhog Rivers Cuomo ó Mansfield, Connecticut go Los Angeles lena bhanna miotal trom Avant Garde (nó Zoom). Dhíscaoil an grúpa agus bhuail sé le Partrick Wilson. Bhog Cuomo isteach le Wilson agus a chara Matt Sharp. Bhunaigh Cuomo agus Wilson an banna Fuzz le Scottie Chapman ar dhordghiotár. D'éirigh Chapman as an bhanna go luath agus d'athchóirigh an banna mar Sixty Wrong Sausages. Bhí cara Cuomo, Pat Finn, ar dhordghiotár agus Jason Cropper ar an ghiotár. Dhíscaoil an banna go luath. Bhog Cuomo go Santa Monica, California agus thaifead sé samplaí.
Bhunaigh Cuomo, Wilson, Sharp agus Cropper Weezer ar 14 Feabhra 1992. Sheinn siad a gcéad cheolchoirm ar 12 Márta 1992. Shínigh siad le Geffen Records i mí Meithimh 1993.
An "t-Albam Gorm" (1994)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thaifead Weezer a gcéad albam ag Electric Lady Studios i gCathair Nua-Eabhrac, leis an léiritheoir Ric Ocasek. Briseadh Cooper i rith taifeadta. Tháinig Brian Bell in ionad Cooper ar ghiotár. Chuir siad a gcéad albam eapainmneach (nó An t-Albam Gorm) amach i mí Bealtaine 1994. Chuir siad a gcéad shingil amach, "Undone - The Sweater Song", agus stiúir Spike Jonze an físeán. Bhí an físeán gean air le MTV agus bhí an t-amhrán ag uimhir 57 sa Billboard Hot 100. Stiúir Jonez a ndara físeán, "Buddy Holly", fosta agus bhí a lán uainíochta ag an físeán ar MTV. Bhí an t-amhrán ag uimhir 18 ar Hot 100 Airplay agus ag uimhir 2 ar Billboard Modern Rock. Chuir singil eile amach, "Say It Ain't So" agus fuair sé moladh mór. Bhí sé ag uimhir 51 ar Hot 100 Airplay agus ag uimhir 7 ar Billboard Modern Rock.

Fuair an t-Albam Gorm moladh mór agus ba rath ar an tráchtáil é. Is é a n-albam sárdhíola go fóill é.
Pinkerton (1995-97)
[cuir in eagar | athraigh foinse]I 1994, bhí sos ó thuras ag Weezer agus chuaigh Cuomo go Connecticut chun samplaí a thaifeadadh don albam nua. Bhí a choincheap ina rac-cheoldráma i spás, darb ainm Songs from the Blackhole. D'fhorbair Weezer an coincheap sa bhiain 1995. Chláraigh Cuomo le Harvard ag deireadh 1995. D'éirigh a scríobh amhrán níos dorcha ansin agus thréig sé an coincheap Songs from the Blackhole. Fosta, bhunaigh Sharp The Rentals agus chuir siad an t-albam Return of the Rentals amach (le Partick Wislon ar dhrumaí)
Chuir Weezer a ndara albam amach, Pinkerton ar 24 Meán Fómhair, 1996. Tá na singlí El Scorcho, The Good Life agus Pink Triangle san albam. Bhí an t-albam seo níos dorcha agus bhí fuaim ghiorraisc aige. Bhí titim ar an díolachán agus bhí idir mhaith agus olc sna léirmheasanna, ach inniu, tá cultas bunaithe ag an albam.

Bearna (1997-2000)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chríochnaigh Weezer an turas Pinkerton i lár 1997 agus bhí bearna acu. D'fhill Wilson abhaile i Portland, Oregon oibriú ar a thionscadal eile, The Special Goodness, agus d'oibrigh Bell lena bhanna Space Twins. Sa bhliain 1998, d'imigh Sharp an banna mar go bhíothas easaontais a bhí idir Sharp agus na baill eile.
D'fhill Cuomo go Harvard ach thóg sé sos le díriú ar scríobh amhrán. Bhunaigh sé banna nua le ceoltóirí de chuid Bhostún agus sheinn siad cupla seó le h-ábhar nua. Chuaigh Wilson go Bostún agus chuaigh se isteach i Homie, a bhí tionscadal Cuomo eile. Bhí Greg Brown (Cake agus Deathray), Matt Sharp, Yuval Gabay (Soul Coughing agus Sulfur), Adam Orth (Shufflepuck) agus Mikey Welsh sa bhanna fosta. Níor chuir siad ach amhrán amháin amach, darb ainm American Girls, don scannán Meet the Deedles.
I mí Feabhra 1998, d'athaontaigh Cuomo, Wilson agus Bell in Los Angeles. D'fhostaigh siad Mikey Welsh chun dordghiotár a sheinm. Sheinn Welsh le Juliana Hatfield roimhe sin. Chleacht siad agus thaifead siad samplaí go dtí ag deireadh 1998 ach bhí frustrachas agus easaontas sa bhanna. D'fhill Wilson go Portland. I mí na Samhna 1998, sheinn an bhanna dhá sheó, le drumadóir eile, faoi ainm Goat Punishment. Níor sheinn siad ach amhráin Nirvana agus Oasis. Sa mhíonna ina dhiaidh sin, tháinig lionn dubh ar Cuomo agus d'éirigh sé ina aonarán. Rinne sé turgnaimh lena cheol agus scríobh sé 121 amhrán faoi 1999. I rith an ama seo, rinne Wilson obair le The Special Goodness agus d'oibrigh Bell le Space Twins aris. Chuaigh Welsh ar thuras le Juliana Hatfield.
Teacht ar ais agus An "t-Albam Glas" (2000-01)
[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'athaontaigh Weezer i mí Aibreáin 2000 agus sheinn siad ag an Fuji Rock Festival. Ó mhí Aibreáin go mí na Bealtaine 2000, chleacht siad agus thriail siad amhráin nua i Los Angeles. D'fhill siad go dtí an ardán i mí an Mheithimh 2000 agus sheinn siad seónna beaga gan iarraidh, faoi ainm Goat Punishment arís. Sheinn siad naoi ndáta ar an Warped Tour fosta.
Thaifead siad albam nua agus d'fhostaigh siad Ric Ocasek léiriú arís. Cuireadh An t-Albam Glas amach ar 15 Bealtaine 2001. Ba é Hash Pipe an chéad singil as an albam. Bhí sé ag uimhir 2 ar Billboard Modern Rock. Eisíodh Island in the Sun mar an dara singil agus bhí an-tóir idirnáisiúnta ar an amhrán. Chuir siad Photograph amach i mí na Samhna 2001. Bhí an t-albam ag uimhir 4 ar Billboard 200 agus bhain sé platanam amach ó shin.
D'fhag Welsh Weezer in 2001 mar strus agus mí-úsáid drugaí. Tháinig Scott Shriner in ionad Welsh ar dhordghiotár.
Maladroit (2002)
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Aibreáin 2002, chuir Matt Sharp an dlí ar Weezer. Shocraigh siad an cás gan dul chun cúirte. Thit an banna amach leis an lipéad, Interscope, fosta.
D'ainneoin an fadhbanna seo, chuir siad a gceathrú albam amach, Maladroit, ar 14 Bealtaine 2002. Bhí léirmheasanna dearfacha ag an albam ach bhí titim ar an díolachán. Fosta, chuir siad dhá shinglí amach as an albam seo: Dope Nose agus Keep Fishin'.
Ar 23 Márta 2004, chuir Weezer a gcéad DVD amach, darb ainm Video Capture Device. Chuir Karl Koch, atá ina chúntóir an bhanna, an DVD le cheile.
Make Believe (2003-06)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roimh na seisiúin don cheathrú halbam, d'oibrigh Wilson agus Bell ar a dtionscadail eile. In 2003, chuir Bell The End of Imagining amach le Space Twins agus chuir Wilson Land Air Sea amach le The Special Goodness.
Ó mhí na Nollag 2003 go fómhar 2004, thaifead an banna a lán ábhair don albam nua le Rick Rubin. Cuireadh an t-albam, darb ainm Make Believe, amach ar 10 Bealtaine 2005. Bhí an t-albam ag uimhir 2 ar Billboard 200. In ainneoin rath brabúsach, bhí idir mhaith agus olc sna léirmheasanna.

Bhí an-ráchairt ar an chéad singil, Beverly Hills, sna Stáit Aontaithe agus go hidirnáisiúnta. Bhí sé ag uimhir 1 ar Billboard Modern Rock agus ag uimhir 10 ar Billboard Hot 100. Fuair an t-amhrán ainmniúchán Grammy sa chatagóir Best Rock Song (Ba é seo an chéad ainmniúchán Grammy de chuid an bhanna). Ba é We Are All on Drugs an dara singil as an albam. Bhí an tríú singil, Pefect Situtation, ag uimhir 1 ar Billboard Modern Rock agus ag uimhir 51 ar Billboard Hot 100. Chuir siad ceathrú singil, This is Such a Pity, amach fosta.
D'úsáid an banna uirlisí breise ar an turas Make Belive, mar shampla pianó agus sintéiseoir. Fuair siad giotáraí eile, darb ainm Bobby Schneck, fosta. Sheinn Weezer in Éirinn den chéad uair ar 6 Iúil 2005 in Sráid an Bhiocáire agus sheinn siad i mBaile Átha Cliath arís ag an Iosta, i mí Lúnasa 2005.
An "t-Albam Dearg" (2006-08)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis Make Believe, bhí sos ag an bhanna. D'fhill Cuomo go Harvard agus fuair sé céim in 2006. Ar 18 Meitheamh 2006, phós Cuomo Kyoko Ito. D'fhreastail na baill den bhanna reatha an pósadh agus, fosta, Matt Sharp agus Jason Cropper a bhí ann. I rith an tsosa seo, bhí Bell agus Wilson sa scannán Factory Girl agus thug siad amhrán don fhuaimrian (leagan d'amhrán de chuid Velvet Underground, darb ainm Heroin). Thosaigh Bell tionscadal nua: The Relationship.
Cuireadh Weezer, nó An tAlbam Dearg, amach in mí an Mheithimh 2006.[1] Tháirg Rick Rubin an t-albam le Weezer agus mheasc Rich Costey é. Tháirg Jacknife Lee dhá amhrán ar an albam fosta. Bhí an t-albam ag uimhir 4 ar Billboard 200 agus fuair sé léirmheasanna dearfacha.
Bhain an chéad singil ón albam, "Pork and Beans" barr Billboard Modern Rock Tracks amach agus bhí sé ag uimhir 64 ar Billboard Hot 100. Fosta, bhuaigh a fhíseán Grammy do Best Short Form Music Video. Chuir siad trí shingil eile ón albam: "Trouble Maker", "Dreamin'" agus "The Greatest Man That Ever Lived (Variations on a Shaker Hymn)".
Sheinn siad cúig dháta sa tSeapáin ag tús mhí Mheán Fómhair. Chuaigh siad ar an turas Troublemaker ina dhiadh sin nuair a sheinn siad aon sheó is fiche i Meiriceá agus Ceanada.
Raditude agus Hurley (2009–13)
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 2009, chuaigh siad ar camchuairt le Blink-182. Sheinn Josh Freese na drumaí go sealadach ar an turas mar gur athraigh Patrick Wilson chuig giotár. Dúirt Wilson gurbh fhearr le Cuomo a bheith gníomhach ar stáitse agus chuir an giotár as do a ghluaiseacht.
Ar 18 Lúnasa 2009, chuir siad an chéad singil amach as an albam nua, "(If You're Wondering If I Want You To) I want you to". Bhí sé ag uimhir 81 ar Billboard Hot 100. Raditude an t-ainm atá ar an albam, mhol an t-aisteoir Rainn Wilson an t-ainm. Cuireadh an t-albam amach ar 3 Samhain 2009 agus bhí sé ag uimhir 7 ar Billboard 200. Sceidealaigh turas do mhí na Nollag 2009. Ar 6 Nollaig 2009, bhí Cuomo gortaithe nuair ar thuairteáil a bhus camchuairte. Bhí trí easna bhriste agus fuiliú inmheánach aige, agus bhí dhá easna bhriste ag a chúntóir fosta. Bhí a bhean cheile, a leanbh agus an buime ar an bhus fosta, ach ní raibh siad gortaithe. Bhí an turas curtha siar ach thosaigh sé aris ar 20 Eanáir 2010.
Ní raibh Weezer le Geffin Records níos mó. Shínigh siad le lipéad neamhspleách Epitaph Records. Cuireadh an t-albam Hurley amach i mí Mheán Fómhair 2010 trí Epitaph. Bhí an chéad singil ón albam, "Memories" ar an fhuaimrian don scannán Jackass 3D fosta. I mí na Samhna 2010, chuir siad albam díolama amach, darb ainm Death to False Metal. Fosta, thug siad amhráin do na scannáin Cars 2 agus Shrek Forever After
Ar 8 Deireadh Fómhair 2011, fuair iar-dhordghiotáraí Mickey Welsh bás le ródháileog amhrasta i gChicago, Illinois. Sheinn Weezer i gChicago an oíche dár gcionn go díreach agus thug siad ómós dó.
Everything Will Be Alright in the End agus An "tAlbam Bán" (2013-16)
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Thosaigh an banna ag taifeadadh le Ric Ocasek, a raibh ina léiritheoir ar an Albam Gorm agus an tAlbam Glas. Cuireadh Everything Will Be Alright in the End amach ar 7 Deireadh Fómhair 2014. Fuair an t-albam léirmheasanna fabhracha de ghnáth.
Ar 26 Deireadh Fómhair 2015, chuir an banna singil nua, "Thank God for Girls", amach trí Apple Music. Ar an tseachtain ina dhiaidh sin, chuir an banna dara shingil, "Do you wanna get high?", amach. Ar 14 Eanáir 2016, chuir siad singil eile, "King of the World", amach agus d'fhógair siad an tAlbam Bán. Cuireadh Weezer amach ar 1 Aibreán 2016 agus bhí sé ag uimhir 4 ar Billboard 200
Fuair an t-albam ainmniúchán Grammy sa chatagóir Best Rock Album. Fosta, shínigh an banna le hAtlantic Records.
Pacific Daydream (2017–18)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 16 Márta 2017, chuir siad amhrán nua, "Feels Like Summer", amach, a raibh ina chéad singil as an albam nua. Fuair sé freagairt éagsúil ón leantóirí ach bhí an-rath ar an amhrán sa raidió ailtéarnach (bhí sé ag uimhir 2 ar Alternative Airplay chart). D'fhógair Weezer Pacific Daydream ar 16 Lúnasa agus chuir siad an albam amach ar 27 Deireadh Fómhair. Ar 17 Lúnasa, chuir siad singil bolscaireachta, "Mexican Fender" amach. Chuir siad "Beach Boys" amach an mí dár gcionn agus chuir siad "Weekend Woman" amach an mhí ina dhiaidh sin. Ba é "Happy Hour" an dara singil as an albam agus bhí sé ag uimhir 9 ar Alternative Airplay chart. Fuair an t-albam ainmniúchán Grammy sa chatagóir Best Rock Album.
An "tAlbam Téal" agus an "tAlbam Dubh" (2018-19)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis fheachtas leantóra ar Twitter, d'eisigh Weezer leagan d'amhrán de chuid Toto, Africa, ar 29 Bealtaine 2018. Roimhe sin, throlláil an banna leantóirí agus d'eisigh siad leagan den amhrán Rosanna. I mí Lúnasa 2018, bhí Africa ag uimhir 1 ar Billboard Alternative Songs. D'fhreagair Toto agus d'eisigh siad leagan d'amhrán de chuid Weezer, Hash Pipe. Leis an rath d'Africa, chuir Weezer albam gan choinne amach le leaganacha. Eisíodh an tAlbam Téal ar 24 Eanáir 2019 agus bhí sé brabúsach.
Ar 20 Meán Fómhair 2018, chuir Weezer California Snow amach don scannán 2018 Spell. Ar 11 Deireadh Fómhair 2018, chuir siad Can't Knock the Hustle amach - an chéad singil as a n-albam nua. D'eisigh siad singil eile, Zombie Bastards, ar 21 Samhain agus d'fhógair siad an tAlbam Dubh. Eisíodh na amhráin "High as a Kite" agus "Living in LA" ar 21 Feabhra. Eisíodh an t-albam ar 1 Márta 2019. Chuaigh siad ar turas airéine le Pixies.
OK Human agus Van Weezer (2019–21)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 24 Eanáir 2019, d'fhógair Cuomo, in agallamh le Zane Lowe, gur thaifead Weezer traiceanna bunúsacha d'albam nua. Fosta, dúirt Cuomo go raibh sé ag Obair ar albam eile leis an teideal oibre Van Weezer. Ar 10 Meán Fómhair 2019, d'fhógair Weezer Hella Mega Tour le Green Day agus Fall Out Boy. Fosta, chuir siad an chéad singil de chuid Van Weezer amach: The End of the Game. Bhí an t-amhrán ag uimhir 2 ar chairt Alternative Airplay. Thaifead an banna leagan den amhrán Lost in the Woods don scannán 2019 Frozen II agus cuireadh ar an albam fuaimriain é.
Ar 6 Bealtaine 2020, chuir Weezer an singil amach Hero, a bhí ina ómós don oibrithe riachtanacha sa Phaindéim COVID-19. Ag an am chéanna, d'fhógair siad an mhoill de Van Weezer. Bhí an t-amhrán ag uimhir 1 ar chairt Alternative Airplay. Ar 10 Bealtaine 2020, bhí páirt acu in eipeasóid de chuid The Simpsons: The Hateful Eight-Year Olds. Ar 14 Lúnasa 2020, d'fhógair Weezer go n-eiseoidís Van Weezer i mí na Bealtaine 2021 agus, ar an lá chéanna, chuir siad an singil "Beginning of the End" amach don scannán Bill & Ted Face the Music.
Fuair Eddie Van Halen bás ar 6 Deireadh Fómhair 2020, mar sin, tiomnaíodh an t-albam dó. Tiomnaíodh an t-albam do Ric Ocasek fosta. Bhí sé an léiritheoir ar an Albam Gorm, Albam Glas agus Everything Will Be Alright in the End. Fuair Ocasek bás i mí Mheán Fómhair 2019.
Ar 18 Eanáir 2021, d'fhógair Weezer a gceathrú h-albam déag, OK Human (imeartas ar OK Computer le Radiohead), agus eisíodh ar 29 Eanáir. Eisíodh an t-amhrán All My Favorite Songs le leagan eile, leis an bhanna indie, AJR. Bhí an t-amhrán ag uimhir 1 ar chairt Alternative Airplay agus ainmníodh do Grammy é. D'fhostaigh an banna ceolfhoireann ocht bpíosa is tríocha don albam agus ní thaifead siad ach le trealamh analógach.
Chuir siad "I Need Some of That" amach ar 21 Aibreán 2021 agus, ar 7 Bealtaine 2021, eisíodh Van Weezer faoi dheireadh.
SZNZ, turais agus ceiliúradh 30 bliain (2021–26)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Hella Mega Tour curtha siar mar COVID-19 ach thosaigh an chuid Mheiriceánach ar 24 Iúil 2021 in Arlington, Texas. Chuaigh an chuid Eorpach go dtí an Ostair, an Bheilg, an Ísiltír, Sasana, Albain, an Fhrainc agus Éirinn (sheinn siad i bPáirc Mharlaí).
Ar 11 Márta 2022, d'fhógair Weezer SZNZ, sraith ceithre ceirnín leathfhada le téama faoi na séasúir. Eisíodh an chéad EP, SZNZ: Spring, ar 20 Márta. Eisíodh an príomhshingil, A Little Bit of Love ar 16 Márta agus bhí sé ag uimhir 1 ar chairt Alternative Airplay. Ar 20 Meitheamh, bhí Weezer ar Jimmy Kimmel Live! agus sheinn siad Records, an príomhshingil de chuid SZNZ: Summer. Bhí sé ag uimhir 1 ar chairt Alternative Airplay fosta. Phleanáil an banna cónaitheacht ar Broadway ach cealaíodh í mar an costais mhóra.
Ar 19 Meán Fómhair, sheinn Weezer faoin ainm Goat Punishment arís, sa Troubadour,, Hollywood agus sheinn siad SZNZ: Winter don chéad uair. Fosta, seoladh an singil de chuid SZNZ:Autumn: What Happens After You? agus eisíodh ar 22 Meán Fómhair é. Ar 9 Nollaig 2022, chuir Weezer I Want a Dog amach. Bhí sé an príomhshingil ón EP deireanach sa tsraith, SZNZ: Winter. Eisíodh SZNZ: Winter ar 21 Nollaig 2022. In mí na Samhna 2023, bhí Weezer sa scannán Netflix Family Switch.
I mí an Mheithimh 2024, thosaigh Weezer turas san Ríocht Aontaithe agus Éirinn le Smashing Pumpkins. Ar 1 Samhain, chuir siad "eagrán an-shómasach" den Albam Gorm amach. Ar 10 Meitheamh 2025, thosaigh siad a dturas Eorpach i mBeirlín agus sheinn siad ag Coláiste na Tríonóide ar 2 Iúil. Sheinn siad ag Riot Fest i mí Mheán Fómhair 2025, le "Weird Al" Yankovic, Blink-182, Jack White, Green Day agus Idles agus, ar 18 agus 19 Deireadh Fómhair 2025, sheinn siad ag an fhéile When We Were Young i Las Vegas.
An tAlbam Ór agus turas (2026-inniu)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Go luath sa bhliain 2026, fuair an t-amhrán, "Go Away" (le Bethany Cosentino), borradh mar gur tháinig tóir air ar na meáin shóisialta, mar sin, chuaigh an t-amhrán chuig 90 ar an Billboard Hot 100. I mí an Mhárta 2026, d'fhógair Weezer turas nua, darb ainm "The Gathering" ("an tionól"), le "The Shins" agus "Silversun Pickups". Ar 1 Aibreán, chuir siad "Shine Again" amach as a n-albam nua. Shínigh an banna le "Reprise Records" a fógraíodh ar an lá chéanna.
Ar 3 Meitheamh, d'fhógair Weezer go n-eiseoidís a bhfichiú halbam, an tAlbam Ór, ar 21 Lúnasa. D'eisigh siad an dara singil as an albam, "We Might as Well Be Strangers" (leis an bhanna Mheiriceánach Wednesday ar an lá chéanna, fosta. Ar 5 Lúnasa, d'eisigh siad an tríú singil as an albam, "C.E.O.
Baill
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Baill reatha[cuir in eagar | athraigh foinse]
|
Iarbhaill[cuir in eagar | athraigh foinse]
Iarcheoltóirí camchuairte[cuir in eagar | athraigh foinse]
|
Deirtear gurb é cúntóir an bhanna, Karl Koch, an cúigiú ball neamhoifigiúil. Tá a lán ról aige, mar shampla, ródaí, grianghrafadóir, stiúrthóir gréasáin, bainisteoir meán sóisialta, cartlannaí, staraí agus stiúrthóir ealaíne. Fosta, sheinn sé cnaguirlisí ar Butterfly as Pinkerton agus comhscríobh sé The Show Must Go On as an Albam Ór.
Amlíne

Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Albaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Weezer (albam gorm) (1994)
- Pinkerton (1996)
- Weezer (albam glas) (2001)
- Maladroit (2002)
- Make Believe (2005)
- Weezer (albam dearg) (2008)
- Raditude (2009)
- Hurley (2010)
- Everything Will Be Alright in the End (2014)
- Weezer (albam bán) (2016)
- Pacific Daydream (2017)
- Weezer (albam téal)) (2019)
- Weezer (albam dubh) (2019)
- OK Human (2021)
- Van Weezer (2021)
- SZNZ: Spring (2022)[note 1]
- SZNZ: Summer (2022)[note 1]
- SZNZ: Autumn (2022)[note 1]
- SZNZ: Winter (2022)[note 1]
- Weezer (albam ór) (2026)
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Félim Borland (2008-07-05). "Weezer - Red Album" (GA). NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 Lúnasa 2025. Dáta rochtana: 2026-03-05.