Watership Down
Is úrscéal leis an údar Sasanach Richard Adams é Watership Down. D'fhoilsigh Rex Collings Ltd. i Londain an leabhar sa bhliain 1972. Tá sé suite i dtuaisceart Shasana, timpeall Hampshire, agus díríonn an scéal ar dhornán beag coiníní. Cé go bhfuil siad ina gcónaí ina ngnáthóg fiáin nádúrtha, lena gcuid poll, tá siad antrapamorfach lena gcuid cultúr, teanga, seanfhocail, filíocht agus miotaseolaíocht féin acu.
Ag dúiseacht téamaí eipiciúla, leanann an t-úrscéal na coiníní agus iad ag éalú an scrios á dhéanamh ar a gcoinicéar. Déanann siad cuardach ar áit nua le baile a chruthú (ag Watership Down), nuair atá siad ag dul i ngleic le contúirtí agus cathuithe ar an bhealach.
Ba é Watership Down an chéad úrscéal le Richard Adams. Dhiúltaigh go leor foilsitheoirí é sular ghlac Collings leis an lámhscríbhinn. Bhain an leabhar an Bonn Carnegie, an Duais Guardian agus go leor gradam leabhar eile. Cóiríodh an úrscéal mar scannán lánfhada sa bhliain 1978, agus ina dhiaidh sin mar shraith teilifíse, a craoladh ó 1999 go dtí 2001.