Walter Rudolf Hess
Walter Rudolf Hess | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Ainm iomlán | Walter Rudolf Hess |
Eolas breithe | Frauenfeld, 17 Márta 1881 |
Náisiúntacht | An Eilvéis |
Bás | Muralto, 12 Lúnasa 1973, 12 Meán Fómhair 1973 |
Áit adhlactha | Beirlín |
Oideachas | |
Alma mater | Ollscoil Zürich |
Mic léinn dochtúireachta | Konrad Akert |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Gairm | |
Gairm | dochtúir leighis, oftailmeolaí, eolaí néarchórais, múinteoir ollscoile, máinlia, bitheolaí, staraí na healaíne agus fiseolaí |
Fostóirí | Ollscoil Zürich |
Duaiseanna | Marcel Benoist Prize (1931) Duais Nobel i bhFiseolaíocht nó Leigheas (1949) Carl-Ludwig Honorary Medal (1938) |
Ballraíocht | Acadamh Eolaíochtaí na Gearmáine, Leopoldina Acadamh Pontaifiúil na nEolaíochtaí Thurgovia (en) ![]() Royal Academy of Medicine of Belgium (en) ![]() |
Fiseolaí a rugadh i bhFrauenfeld na hEilvéise ab ea Walter Rudolf Hess (17 Márta 1881 – 12 Lúnasa 1973). Rinne sé taighde ar rialú bhrú na fola, ráta buailte an chroí, agus a ngaolta siúd le riospráid. Ó 1925 dhírigh a thaighde ar fheidhmeanna na struchtúr ag bun na hinchinne. Shaothraigh sé leictreoidí míne snáthaide le pointí áitiúla san inchinn a spreagadh, agus thaispeáin gur athraigh spreagthaí ag pointí ar leith sa hipeatalamas teocht na colainne, ráta an chroí, nó brú na fola, rud a chuir fearg, spreagadh chun gnéis, nó codladh ar dhuine. Sa bhliain 1949 bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis le António Egas Muniz as a shaothar cuimsitheach ar an inchinn.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |