Van Gend en Loos v Nederlandse Administratie der Belastingen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtVan Gend en Loos v Nederlandse Administratie der Belastingen
Cineálcás dlí Cuir in eagar ar Wikidata
Cúirtan Chúirt Bhreithiúnais Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata

Thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh[1] a breithiúnas i gCás 26/62, Van Gend en Loos v Nederlandse Administratie der Belastingen ar an 5 Feabhra 1963. Ardaíodh cánacha san Ísiltír, agus chuir an comhlacht iompair, Van Gend en Loos, go láidir i gcoinne.[2]

fáinne eochrachaː comhlacht Van Gend & Loos

Breithiúnas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comhlacht Van Gend & Loos, Maastricht

Leag an Chúirt síos an prionsabal i ndlí Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (dlí an Aontais Eorpaigh anois) a thugtar "éifeacht dhíreach"[3] air sa lá atá inniu annː[4]

Is féidir le forálacha den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (a thugtar an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh air anois), a chuireann dualgais ar na Ballstáit, cearta a chruthú ar mhaithe le daoine nádúrtha nó dlítheanacha. Mar sin, tá sárú ar chearta na saoránach inchaingne.

Chomh maith leis sin, bíonn daoine in ann a bheith ag brath ar na cearta sin os comhair na gcúirteanna agus binsí náisiúnta.

Tháinig feabhsú cearta go díreach de bharr an cháis, ar mhaithe leis na gnáthshaoránaigh de chuid an AE.

Breithiúna[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir na fianaise atá ar fáil, bhí Robert Lecourt agus Alberto Trabucchi chun tosaigh ar aon duine eile.[5] Dealraíonn sé gur sa mhionlach a bhí André Donner, a bhí i bhfabhar cur chuige i leith na héifeachtaí dlí fhorálacha na gConarthaí, a bhí ní ba choimeádaí ná an seasamh a thaitin le formhór na Cúirte.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. nó "Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach" ag an am
  2. "NV Algemene Transport- en Expeditie Onderneming van Gend & Loos v Netherlands Inland Revenue Administration" (as en) (5 February 1963) (Case 26-62). 
  3. "Direct effect of European Union law" (as en) (2021-01-14). Wikipedia. 
  4. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-13.
  5. Scoil Dlí, COBÁC (2019). "André Donner". Dáta rochtana: 2021.