André Donner (breitheamh Ísiltíreach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAndré Donner

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith15 Meitheamh 1918
Rotterdam, An Ísiltír Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Lúnasa 1992
74 bliana d'aois
Amersfoort, An Ísiltír Cuir in eagar ar Wikidata
Breitheamh de Chúirt Bhreithiúnais Eorpach
Breitheamh de chuid na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síVrije Universiteit Amsterdam Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDochtúir le Dlí
Gníomhaíocht
Gairmsaineolaí dlí, breitheamh, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirVrije Universiteit Amsterdam
Ollscoil Groningen Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Teaghlach
PáistePiet Hein Donner Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJan Donner
SiblínJohannes Hendrikus Donner

Dlí-eolaí agus breitheamh de chuid na hÍsiltíre ba ea André Donner (15 Meitheamh 1918 in Rotterdam ; † 24 Lúnasa 1992 in Amersfoort). An dara Uachtarán ba ea é ar Chúirt Breithiúnais na gComhphobal Eorpach (an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach) idir 1962 agus 1964.

A. M. Donner ar dheis
André Donner ar chlé, 1971

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Céimí de chuid Vrije Universiteit Amsterdam (1939 summa cum laude), cuireadh a thráchtas dochtúireachta (ar an dlí maidir le cinntí riaracháin) i láthair sa bhliain 1941.[1]

1971

Bhí sé ina ollamh le dlí bunreachtúil i Vrije Universiteit Amsterdam ó 1945 go 1958.

Bhí sé ina bhall de Chúirt Breithiúnais na gComhphobal Eorpach ó 1958 go 1979 agus ina Uachtarán uirthi ó 1962 go 1964. Agus é ina Uachtarán, thug an Chúirt dhá bhreithiúnas bharrthábhachtacha a leag an bhunchloch le haghaidh dhlí na hEorpa mar atá inniu ann, mar shampla:

De réir na fianaise atá ar fáil, dealraíonn sé gur sa mhionlach i Van Gend en Loos a bhí Donner, a bhí i bhfabhar cur chuige i leith na héifeachtaí dlí fhorálacha na gConarthaí, a bhí ní ba choimeádaí ná an seasamh a thaitin le formhór na Cúirte (Robert Lecourt agus Alberto Trabucchi chun tosaigh ar aon duine eile).[1]

Tar éis dó éirí as an gCúirt, rinneadh ollamh i nDámh an Dlí, Ollscoil Groningen de Donner (go dtí 1984).

Bhí sé ina bhall de roinnt comhlachtaí oifigiúla ad hoc, ar nós Choimisiún Cals-Donner (1969-71) maidir le hathchóiriú an bhunreachta agus coimisiún fiosrúcháin 1976 faoi iompar An Phrionsa Bernhard (céile na banríona) i scannal Cheann an Locha.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí, COBÁC (2019). "André Donner". Dáta rochtana: 2021.