Uirlis feaga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilUirlis feaga
Cineálaerafón
Aicmiú Hornbostel-Sachs42
Gairm ealaíontawind instrument player (en) Aistrigh
Dhá uirlis feaga á seinnt, mar atá trumpa (clé) agus sacsafón (dheis)

Aon ghaothuirlis ceoil ina ngintear an fhuaim trí shreabh aeir a dhéanamh chun giolcach (déanta as cána, miotal nó plaisteach) a chur ag crith. Is féidir giolcach shingil (mar atá sa chlairinéad) nó dé-ghiolcach (mar atá san óbó) a úsáid. Is féidir í a chrith go saor (mar a tharlaíonn san orgán béil) nó a rialú ag liopaí an tseinnteora (mar a tharlaíonn i ngléasanna uile na ceolfhoirne). Bíonn a tondath oirirc ag gach saghas, agus braitheann sé ar mhéid is cruth na huirlise. Is iad na príomhuirlisí giolcaí sa cheolfhoireann ná an t-óbó, an corn Sasanach, an clairinéad, an dordchlairinéid, an basún, agus an dordbhasún.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Uirlis feaga". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 689.