Orgán béil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilOrgán béil
Cineáluirlisí saorfheaga
Aicmiú Hornbostel-Sachs412.132

Gléas ceoil ina bhfuil líne giolcach miotalach a chritheann ionanálú is eisanálú an tseinnteora trí phoill atá dírithe ar na giolcaigh sa bhunús adhmadach. Sa tsamhail chaighdeánach dhiatonach, bíonn an scála mantach (is é sin, cuid de na nótaí as láthair) agus ní bhíonn sé oiriúnach ach d'fhoinn shimplí. Ach sa tsamhail chrómatach bíonn meicníocht sleamhnán chun an dara líne giolcach, tiúnta leath-thon níos airde, a chur ag seinm. Ba iad Larry Adler (1914-2001) is Tommy Reilly (1919-2000) rímháistrí an ghléis seo. De réir na lámhscríbhinní, bhíodh orgáin béil in úsáid sa tSín roimh 600 RC.[1]

Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Orgán béil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 499.