Tondath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cáilíocht fuaime maidir le guth nó gléas ceoil, a bhraitheann ar shuntasacht na n-armónach uachtarach sa nóta a tháirgtear. Mar shampla, i bhfliúit nó feadóg stáin is lag iad na harmónaigh uachtaracha i gcomparáid leis an veidhlín nó an trumpa, a mbíonn tondath i bhfad níos beo acu. Éiríonn cling-cleaing cloig ón líon is ó airde na n-armónach uachtarach nach mbíonn comhchordach leis an bhfréamhnóta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tondath". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 669.