Uimhir shnámhphointe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí UimhirUimhir shnámhphointe
Airíonna

Slí amháin chun an raon a scaradh ón mbeachtas is ea uimhreacha a shloinneadh de réir na gnáthnodaireachta eolaíochta

n = f × 10^e, áit arb é f an codán, nó an mhaintíse, agus ar slánuimhir dheimhneach nó dhiúltach é e, ar a dtugtar an t-easpónant.

Tugtar an uimhir snámhphointe, nó snámhphointe, ar an leagan ríomhaireachta den nodaireacht seo.[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Zuse Z3 sa Deutsches Museum, Munichen

Bhí Konrad Zuse ag obair sa Ghearmáin le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus ní raibh ciall ná tuiscint ag na Naitsithe dá chuid oibre. Thóg sé an "Z3" sa bhliain 1941ː a bhí in-ríomhchláraithe, agus teanga ríomhchlárúcháin dá chuid féin, an Plankalkül ("an Calcalas Pleanála"). Sa bhliain 1998, tháinig na saineolaithe ar an gconclúid gur ríomhaire iomlán ab ea "Z3" de réir na gcoinníollacha a bhí leagtha amach ag Alan Turing. Bhí uimhríocht dhénártha agus uimhríocht snámhphointe ag "Z3".

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""uimhir shnámhphointe"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-11-29.