Uí Dhiarmada

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Luath-dhreamanna agus ríochtaí in Éirinn c. 800

Tuath in Éirinn na meánaoise ba ea Uí Dhiarmada (Sean-Ghaeilge Uí Díarmata) suite i dtuaisceart Chontae na Gaillimhe.

Bunús[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh gur bunaíodh an tuath sa naoú haois ag clann Uí Bhriúin, le linn babhta leata faoi cheannas Uada uí Dhiarmada. Ghlac an rítheaghlach a hainm as seanathair Uadu, Diarmaid Fionn mac Tomaltaigh (bás 833), rí Chonnacht, agus in am trátha, ainmníodh an tuath astu. Feictear a ríthe sna hannála go minic ón bliain 971 ár aghaidh.

Uí Choincheanainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoin 11ú haois, bhí an sloinne Ó Con Cheanain (Uí Choincheanainn) glactha ag rítheaghlach Uí Dhiarmada. Insítear i nAnnála Chonnacht gur maraíodh Domnall mac Aeda h. Con Chenaind ri h. nDiarmata & Murcertach a derbrathair i nDara Cath Bhaile Átha an Rí sa bhliain 1316.[1] Faoin am seo, bhí an tuath tugtha i gcríocha Clantaie O Dermod (Clann Taidhg agus Uí Dhiarmada) faoi cheannas na Normannach de Berminghams, Baron Athenry.

Scríobh John O'Donovan sa bhliain 1838 go raibh tailte oidhreachta ag Henry O'Concanon Esq. of Waterloo gar den Ghleanntán i bparóiste Chill Ó Scóba i mbarúntacht Tigh Dachoinne.[2]

Tagairtí sna hannála[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • ACM 1342.18: Domhnall Ó Coinleisg saoí shenchaidh do mharbhadh la h-Uibh Diarmada gar ria c-Caisg.
  • ACM 1382.7: Clann Muiris d'ionnsoighidh Corco Modha, & creach do denamh dhoibh orra, & Ua Concenainn do dol i t-toraighecht na creiche, & a mharbhadh fo cetoir. Concobar Óg Mac Diarmata cona braithribh d'ionnsoighidh Cloinne Muiris iar sin...

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Annála Connacht, Corpus of Electronic Texts
  • Patrick Holland, The Anglo-Norman landscape in County Galway; land-holdings, castles and settlements, Journal of the Galway Archaeological and Historical Society, imleabhar 49, 1997.
  • Paul MacCotter, Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions, Four Courts Press, 2008, ll. 134–135. ISBN 978-1-84682-098-4
  • Michael Herity, eag., Ordnance Survey Letters Galway, lch. 35, ARÉ, Fourmasters Press, Baile Átha Cliath, 2009. ISBN 978-1-903538-15-9.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Annála Chonnacht, AC 1316.5
  2. John O'Donovan, 2009, lch. 35

Teimpléad:Connachta