Tuile San Lucia (1287)
Cineál | Borradh stoirme ![]() |
---|---|
Ainmnithe in ómós | Naomh Liúsaidh ![]() |
Tréimhse | 13 - Nollaig 14, 1287 |
Suíomh | Biochta na Gearmáine ![]() |
Tír | an Ísiltír ![]() |
Líon básanna | circa 50,000 ![]() |
Taoide stoirme[1] ab ea Tuile San Lucia, a tharla ar an 13/14 Nollaig 1287. Scriosadh an Fhreaslainn. Áirítear go dtí an lá inniu mar an cúigiú tuile is measa i stair na cruinne.[2]
Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]
I lár na Meánaoiseanna, bhí an domhan ag téamh agus bhí leibhéal na farraige ag ardú.
Nollaig 1287[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tuaisceart na hÍsiltíre agus iarthuaisceart na Gearmáine a buaileadh. Meastar gur bádh idir 50,000 agus 80,000 duine.
Bádh na mílte ciliméadar cearnach talún, na hoileáin amach ó chósta thuaidh na hÍsiltíre agus na Gearmáine san áireamh, agus amach ó chósta thiar na Danmhairge fiú. Roimh Thuile San Lucia, níorbh ann don Waddenzee, an fharraige a scarann na hoileáin ón mórthír. Ná níorbh ann don Zuiderzee – nó an IJsselmeer mar a thugtar air anois – an mhuirloch mhór mhillteanach a scarann an Fhreaslainn, i dtuaisceart na hÍsiltíre, ón Ollainn, in iarthar na tíre.[2] Scar an Tuile an Fhreaslainn ón Ollainn fiú.
Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí tionchar mór millteach teangeolaíochta aici. Rinne Tuile San Lucia mionteanga den Fhreaslainnis. Sular an tubaiste timpeallachta sin, ba Fhreaslainnis – agus ní Ollainnis – a labhraíodh in iarthar na hÍsiltíre ar fad. Murach an slad a rinne an fharraige ar lucht labhartha na Freaslainnise agus murach an teorannú fisiciúil a rinneadh orthu mar phobal, Freaslainnis a bheadh á labhairt sa chuid is mó den Ísiltír inniu.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Storm tides of the North Sea" (as en) (2020-12-01). Wikipedia.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 https://tuairisc.ie/comhaontu-aeraide-pharas-agus-an-ghaeilge/.+"Comhaontú Aeráide Pháras agus an Ghaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-14.