Tubaiste bus sa Bhulgáir, 2021
Jump to navigation
Jump to search
Maraíodh 46 duine, dáréag paistí ina measc, nuair a tharla tubaiste bus sa Bhulgáir ar 23 Samhain 2021. Chuaigh an bus trí thine in iarthar na Bulgáire, go moch ar maidin ar mhórbhealach thart ar 40 ciliméadar ó dheas ón bpríomhchathair Sóifia.[1]
Mar gheall gur maraíodh an tiománaí, ní raibh aon duine in ann doras an bhus a oscailt. Amach na fuinneoga a chuaigh na daoine a thug na cosa leo (seisear agus 52 ar bord). Bhí 52 paisinéir ar an mbus agus bhí dáréag den 46 duine a cailleadh faoi ocht mbliana déag.
Bhí an bus ag taisteal idir Iostanbúl sa Tuirc, agus Scóipé sa Mhacadóin Thuaidh, nuair a tharla an tubaiste. Tuigtear gur daoine de bhunadh na Macadóine Thuaidh agus na hAlbáine a bhí i bhformhór na marbh.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-11-23). "45 duine maraithe i dtubaiste bus sa Bhulgáir" (in ga).
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |